Gunnaí ó Armáid na Spáinne amach ó chósta Shligigh

17/06/2015

Dé Céadaoin, 17 Meitheamh 2015—D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh, TD, inniu go bhfuil ábhar nua-nochta á aisghabháil ó bháid bhriste de chuid Armáid na Spáinne amuigh ó chósta na Srithidí i gCo. Shligigh ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ina Roinn, agus go ndéanfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann é a chaomhnú. Tá an tAire Mhic Unfraidh ag tabhairt cuairte ar an suíomh tumadóireachta maidin inniu, áit a bhfuil baill d'Aonad Seandálaíochta Faoi Uisce a Roinne ag aisghabháil ábhar ón bhliain 1588, nuair a chuaigh trí shoitheach de chuid Armáid na Spáinne go tóinn poill amuigh ó chósta Shligigh. Creidtear gur nochtadh an t-ábhar mar thoradh ar na stoirmeacha móra a tharla amuigh ó chósta an Iarthair le dhá bhliain anuas.  

Siar go dtí Gailearaithe Grianghraf

Twitter

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service