Féile Fringe Dhún Éideann

11/09/2014

Ghuí an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, gach rath inniu (Déardaoin, 11 Méan Fómhair, 2014) ar Olwen Fouéré sula dtéann sí chuig na Stáit Aontaithe ag an deireadh seachtaine ar camchuairt lena seó iomráiteach riverrun. Bhí Olwen ar dhuine de bhuaiteoirí ardiomrá Éireannacha ag Féile Fringe Dhún Éideann, ar fhreastail an tAire Mhic Unfraidh air an mhí seo caite. Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu: "Ba bhliain den scoth í 2014 d'ealaíontóirí Éireannacha ag Féile Fringe Dhún Éideann, a bhuíochas do chlár sárthaispeántais Chultúr Éireann.  Tá féile Dhún Éideann ar nós comórtas domhanda na hamharclannaíochta, agus ba chóir go mbeadh muid go léir bródúil as an méid atá bainte amach ag ealaíontóirí na hÉireann".

Twitter

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service