Mórthaispeántas idirnáisiúnta ar Heaney fógartha ag Banc na hÉireann, Faiche an Choláiste

07/10/2015

Fógraíonn Humphreys sonraí taispeántais d’Ionad nua Cultúir agus Oidhreachta a osclóidh in 2017 Tá sé beartaithe mórthaispeántas idirnáisiúnta a dhéanfaidh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Seamus Heaney, buaiteoir Dhuais Nobel, a bheith le feiceáil san Ionad nua Cultúir agus Oidhreachta i bhfoirgneamh Bhanc na hÉireann ar Fhaiche an Choláiste, a fógraíodh inniu (07.10.15). Tá sé beartaithe an chéad taispeántas a chur ar bun sa spás nua in 2017, a d’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus Príomhfheidhmeannach Bhanc na hÉireann, Richie Boucher, inniu. Faoi choimeád Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, déanfaidh an taispeántas ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Seamus Heaney (1939-2013), a bhain Duais Nobel as a chuid filíochta, agus a bhí ina scríbhneoir iomráiteach aistí, ina dhrámadóir, ina aistritheoir, ina ollamh agus ina léirmheastóir litríochta chomh maith. Díreoidh an taispeántas ar chartlann mhór litríochta an scríbhneora, a bronnadh ar an Leabharlann Náisiúnta in 2011, agus ar chartlanna atá faoi choimeád Emory University. I measc na nithe a bheidh sa taispeántas beidh lámhscríbhinní le Heaney, chomh maith le litreacha, saothar nár foilsíodh, iontrálacha dialainne, grianghraif, mórbhileoga agus taifid ilmheáin.

Twitter

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service