Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir
27/09/2015
Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Sathairn, an 26 Meán Fómhair 2015) ag déanamh feidhm oifigiúil ag Cuimhneachán Bliantúil an Ghorta Mhóir ag Duga Albert, an tIúr, Co. an Dúin. Is é seo an chéad uair a ndearnadh Cuimhneachán Bliantúil an Ghorta Mhóir a reáchtáil i dTuaisceart Éireann, agus an dara huair i gCúige Uladh. Tá fleasca á leagan ag an Aire Humphreys agus ionadaithe ó Chomhthionól Thuaisceart Éireann agus Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, beidh ambasadóirí agus consail ag leagan fleasca freisin in ómós dóibh siúd a d'fhulaing, a cailleadh nó a chuaigh ar imirce le linn an Ghorta Mhóir. Déanfaidh an tAire Humphreys freisin plaic chomórtha a nochtadh ag an bPointe, Co. an Dúin amárach (Dé Domhnaigh) in onóir na ndaoine a chuaigh ar imirce agus iad siúd go léir ar oileán na hÉireann a d'fhulaing mar gheall ar an nGorta Mór.
Cuireann LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Martin McGuinness, fáilte roimh an Aire Heather Humphreys, T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar an Iúr i gContae an Dúin.
Leanaí ag glacadh páirte i gCuimhneachán Náisiúnta Bliantúil an Ghorta Mhóir ar an Iúr, Contae an Dúin.
(C-D) An Comhairleoir Naomi Bailie, Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, an tAire Carál Ní Chuilín, LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Martin McGuinness, agus an tAire Heather Humphreys T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
(C-D) An tAire Carál Ní Chuilín, LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Martin McGuinness, agus an tAire Heather Humphreys T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Leanaí le bláthfhleasca ag Cuimhneachán Náisiúnta Bliantúil an Ghorta Mhóir ar an Iúr, Contae an Dúin
(C-D) An Comhairleoir Naomi Bailie, Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin le hÚna Ní Chuinn, Comhairle Contae Ros Comáin agus Liam Hannaway
(C-D) An tAire Carál Ní Chuilín, LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Martin McGuinness, agus an tAire Heather Humphreys T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys,T.D, ag labhairt ag an bPointe, Co. an Dúin
(C-D) An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., leis an gConsal Oinigh do Ceanada, Kenneth Brundel le Gillian Fitzpatrick, Leas-Chathaoirleach, Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin