Déanann an Stát comóradh ar chéad bliain ó adhlacadh Ó Donnabháin Rossa
01/08/2015
Tionólfar an chéad ócáid chuimhneacháin Stáit mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain
Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, a bheidh i mbun an chéad chomóradh oifigiúil Stáit inniu (Dé Sathairn) i gcuimhne ar shochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath. Tá an ócáid, atá á cur i láthair ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D, ar an gcéad chomóradh foirmiúil Stáit atá á thionól mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.
Éamon Ó Cuív, John Concannon