09/05/18

Deontas €3,845 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Buíon Ceoil Sóisearach Chroiceach Mór, Co. Dhún na nGall, chun éide banna ceoil a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D.,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu, 9 Bealtaine 2018, go bhfuil deontas de €3,845 ceadaithe aige do Bhuíon Ceoil Sóisearach Chroiceach Mór chun cur ar a gcumas éide banna ceoil a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an mBanna Ceoil an togra seo a chur i gcrích. “Tá an buíon ceoil seo ag tabhairt deis iontach d’aos óg na háite ceol traidisiúnta a fhoghlaim agus an Ghaeilge mar theanga beo eatarthu.”

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service