14/05/18

Deontas €55,457 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chomharchumann Mhic Dara Teo chun Ionad Tumadóireachta a chur ar fáil

D’fhógair Joe McHugh T.D.,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu, 14ú Aibreán 2018, go bhfuil deontas de €55,457 ceadaithe aige do Chomharchumann Mhic Dara Teo chun cur ar a gcumas Ionad Tumadóireachta a chur ar fáil.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gComharchumann an togra seo a chur i gcrích. “Tá trá faoi leith coiréil ar an Cheathrú Rua – Trá an Dóilín – agus is deis í seo don Comharchumann teacht i dtír ar an acmhainn nádúrtha seo atá sa cheantar.  Déanfaidh an t-ionad freastal ar an phobal áitiúil, ar an chumann tumadóireachta, ar an earnáil turasóireachta agus ar na coláistí samhraidh.”

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service