20/09/17

Deontas €1,199 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Thearmann Éanna Teo, Co. na Gaillimhe chun CCTV/Ceamaraí Slándála a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D.,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu go  bhfuil deontas €1,199 ceadaithe aige do Thearmann Éanna Teo chun cuidiú leo CCTV/Ceamaraí Slándála a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Ó thaobh cúrsaí slándála agus sábháilteachta de, tá áthas orm cuidiú a thabhairt don dream gníomhach seo a oibríonn ar son seanóirí an cheantair ar bhonn leanúnach.”

Is faoin réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service