Deontas €1,199 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Thearmann Éanna Teo, Co. na Gaillimhe chun CCTV/Ceamaraí Slándála a cheannach
D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu go bhfuil deontas €1,199 ceadaithe aige do Thearmann Éanna Teo chun cuidiú leo CCTV/Ceamaraí Slándála a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Ó thaobh cúrsaí slándála agus sábháilteachta de, tá áthas orm cuidiú a thabhairt don dream gníomhach seo a oibríonn ar son seanóirí an cheantair ar bhonn leanúnach.”
Is faoin réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.
CRÍOCH