09/05/18

Deontas €1,208 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Scáthlán na bhFear, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, chun uirlisí déantúsaíochta a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D.,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu, 9 Bealtaine 2018, go bhfuil deontas de €1,208 ceadaithe aige do Scáthlán na bhFear, Gleann Cholm Cille chun cur ar a gcumas uirlisí déantúsaíochta a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an ngrúpa gníomhach seo. “Oibríonn an coiste seo go dlúth leis an bpobal agus tugtar deis don grúpa fear teacht le chéile agus ceirdeanna a fhoghlaim agus a chleachtadh.”

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service