Deontas €1,466 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Lámha Beaga Montessori, Co. Dhún na nGall chun ábhar oideachais a cheannach
D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu go bhfuil deontas €1,466 ceadaithe aige do Lámha Beaga Montessori, atá lonnaithe i Machaire Rabhartaigh chun cuidiú leo ábhar oideachais a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is cuidiú praiticiúil atá á chur ar fáil sa chás seo a rachaidh chun leasa dóibh siúd atá ag freastal ar an réamhscoil. Beidh deiseanna breise sealbhaithe teanga á gcur ar fáil dá bharr.”
Is faoin réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.
CRÍOCH