06/09/17

Deontas €3,600 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Céim Aniar Teo, Na Dúnaibh, Co Dhún na nGall, chun trealamh ríomhaireachta agus troscán a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D.,  Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu go  bhfuil deontas €3,600 ceadaithe aige do Choiste Céim Aniar Teo. chun cuidiú leo trealamh ríomhaireachta agus troscán a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil agus go rachaidh sé chun tairbhe don Choiste atá i mbun obair fhiúntach chun an Ghaeilge a threisiú sa phobal áitiúil.

Is faoin réimse gnímh, An Ghaeltacht, de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service