07/09/17

Deontas €3,843 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chumann Húicéirí na Gaillimhe Teo. chun uasghrádú a dhéanamh ar bhád sábháilteachta  

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go  bhfuil deontas suas le €3,843 ceadaithe aige do Chumann Húicéirí na Gaillimhe Teo. chun cur ar a gcumas trealamh an bháid sábháilteachta a uasghrádú.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit: “Tá áthas orm cuidiú le Cumann Húicéirí na Gaillimhe sa chás seo, nuair a chuirtear san áireamh an leas a bhaineann an pobal as an méid a dhéanann siad”.

Is faoi réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service