14/11/17

Deontas €628  ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Scoil Náisiúnta Éadan Fhionn Fhraoich, Co. Dhún na nGall chun CCTV/Ceamaraí Slándála a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D.,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go  bhfuil deontas €628 ceadaithe aige do Scoil Náisiúnta Éadan Fhionn Fhraoich chun cuidiú leo CCTV/Ceamaraí Slándála a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil.

“Tuigim go bhfuil an scoil mar chroí–lár an cheantair agus imeachtaí ar siúl ann a thugann tairbhe agus tacaíocht do mhuintir na háite.  Ó thaobh cúrsaí slándála agus sábháilteachta de, tá áthas orm cuidiú a thabhairt sa chás seo.”

Is faoin réimse gnímh an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service