13/02/17

Deontas suas le €2,232 ceadaithe ag Seán Kyne T.D., do Chomhar Chuigéal Teo, Leitir Mealláin

D’fhógair Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas suas le €2,232 ceadaithe aige do Chomhar Chuigéal Teo. chun cabhrú leo oibreacha riachtanacha slándála agus sábháilteachta a chur í gcrích ar an oifig atá acu i Leitir Mealláin.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh áthas air deontas a chur ar fáil do Chomhair Chuigéal Teo. a bhfuil obair iontach idir lámha acu ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de sa cheantar. Is faoin Straitéis 20 Bliain 2010-2013 atá an t-airgead seo á cheadú.

 

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service