09/06/17

Deontas ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne don togra TechSpace as Gaeilge

 

D’fhógair an tAire Stáit, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil deontas breise de €122,803 ceadaithe aige do Chamara Ireland chun an togra TechSpace as Gaeilge a fhorbairt tuilleadh.  Is togra é seo a chabhraíonn le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta.  Foghlaimíonn daoine óga chun scannáin dhigiteacha a dhéanamh, gréasáin a ghearradh, aipeanna soghluaiste a fhorbairt agus róbataic i measc nithe eile a dhéanamh.  Faoi stiúir theagascóirí oilte agus mheantóirí, cuireann na hógánaigh lena gcuid inniúlachta ar ríomhairí, chomh maith le féinmhuinín, scileanna agus soghluaisteacht shóisialta a fhorbairt, a chuidíonn leo ar feadh a saoil.

In 2015, fógraíodh scéim nua TechSpace as Gaeilge chun tacú le scoileanna agus clubanna óige i gCúige Chonnacht.   Ceadaíodh deontais do 13 scoil/ionad óige i gCúige Chonnacht faoin scéim seo in 2016 agus anois tá an togra le cur i bhfeidhm i gCúige Mumhan.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne:

 “Is togra fiúntach é Techspace as Gaeilge, a thugann an deis do dhéagóirí a gcuid samhlaíochta agus cruthaitheachta a fhorbairt agus an Ghaeilge á húsáid acu mar theanga chumarsáide.  Beidh forbairtí leanúnacha á ndéanamh ar an togra seo amach anseo agus tá sé i gceist é a chur i bhfeidhm go náisiúnta de réir a chéile. Cabhróidh an clár ardchaighdeáin ICT seo lenár sprioc go bhforbróidh daoine óga scileanna an 21ú haois trí mheán na Gaeilge, ar fud na tíre.  Tá an togra seo ag luí isteach go dlúth le spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.” 

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service