Oidhreacht
Cuireann ár n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha le sláinte, leas, sásamh agus fás inbhuanaithe geilleagrach an náisiúin. Is é aidhm Rannán Oidhreachta na Roinne oidhreacht uathúil na hÉireann a chaomhnú agus a bhainistiú ar mhaithe le glúine reatha agus glúine na todhchaí, mar thaca le hathnuachan geilleagrach agus fostaíocht inbhuanaithe agus i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla.
Oibríonn muid lena chinntiú go bhfuil tacar polasaithe agus reachtaíochta i bhfeidhm ag Éirinn a chomhlíonann riachtanais nua-aimseartha agus atá i gcomhréir le hoibleagáidí oidhreachta AE agus idirnáisiúnta. Oibríonn muid freisin chun forfheidhmiú éifeachtach a bhaint amach agus, nuair is cuí, polasaithe agus reachtaíocht oidhreachta a chur i bhfeidhm trí thríú páirtithe.
Ar an mbealach seo, cuirimid léamh agus tuiscint níos fearr ar luach intreach oidhreacht na hÉireann chun cinn agus an oidhreacht sin mar áis luachmhar do ghnó, d'fhorbairt pobail, d'fheirmeoireacht agus do thurasóireacht agus mar mhodh chun Éire a chur i láthair mar áit tharraingteach d'infheistíocht inbhuanaithe isteach.
Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
Déanann rannóg na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sa Roinn bainistiú ar na freagrachtaí atá ar Stát na hÉireann ó thaobh caomhnú an dúlra faoi dhlí náisiúnta agus Eorpach. Freagracht ar leith atá ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra is ea ainmniú agus caomhnú Limistéir Chaomhantais Speisialta, Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus Limistéir Oidhreachta Nádúrtha. (www.npws.ie )
Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta
Tá ceapadh agus cur i bhfeidhm polasaí a bhaineann le cosaint oidhreacht seandálaíochta na hÉireann mar fhreagracht ar Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. (www.archaeology.ie )
Polasaí Ailtireachta agus Oidhreachta Tógtha
Tá an rannóg Polasaí Ailtireachta agus Oidhreachta Tógtha freagrach as oidhreacht thógtha - tá an Fardal Náisiúnta d'Oidhreacht Ailtireachta san áireamh ansin. (www.buildingsofireland.ie).
Chun miondealú iomlán a fháil ar phríomhréimsí freagrachta na Roinne maidir le hoidhreacht, féach ar Struchtúr Eagraíochtúil na Rannóige Oidhreachta anseo.
Rogha
Nuacht Oidhreachta
- 01/11/2017
Aird á tharraingt ag an Aire Humphreys ar ról na nÚdarás Áitiúil i gClár Comórtha Céad Bliain 2016 - 24/10/2017
An tAire Stáit O'Donovan ag déanamh ionadaíocht don Rialtas ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2017, Ireland Park, Toronto - 15/10/2017
NOTICE: CLOSURE OF DEPARTMENTAL OFFICES MONDAY 16 OCTOBER 2017
-
2017-06-27 09:47:19
Cód Cleachtais aontaithe idir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta -
2017-02-09 17:00:19
Ciorclán an Chiste um Struchtúir i mBaol 2016 -
2017-02-02 10:40:01
Ciorclán na Scéime Infheistíochta maidir le hOidhreacht Thógtha 2017
Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha d'Éirinn 2015-2025
Suirbhé an NIAH ar Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath á sheoladh