Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta

Cuireann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta comhairle ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le ceisteanna reachtaíochta agus polasaí a bhaineann leis an oidhreacht seandálaíochta agus tá freagracht aici as:
- Bainistiú seandálaíoch ar na Séadchomharthaí Náisiúnta atá faoi chúram an Stáit (is í Oifig na nOibreacha Poiblí atá freagrach as caomhnú agus soláthar na seirbhísí do chuairteoirí ag na séadchomharthaí seo).
- Cothabháil Thaifead Reachtúil na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna faoi alt 12 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1994
- Cothabháil bunachar sonraí náisiúnta de shuíomhanna agus séadchomharthaí seandálaíochta aitheanta (Taifead na Séadchomharthaí agus na Suíomhanna) atá ar fáil ar Amharcóir Mapa na Séadchomharthaí
- Reachtaíocht a chur i bhfeidhm maidir le cosaint ar láithreáin agus ar shéadchomharthaí, lena n-áirítear raiceanna stairiúla atá breis agus 100 bliain d’aois.
- Rialú ar thochailtí seandálaíocha, ar úsáid ghléasanna brathadóireachta do chúiseanna seandálaíocha agus ar thumadóireacht ar raiceanna stairiúla agus ar láithreáin sheandálaíocha eile faoi uisce.
- Comhairle a sholáthar chuig údaráis pleanála agus údaráis ceadúnais eile maidir le moltaí forbartha a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an seandálaíocht.
- Comhairle sheandálaíoch a sholáthar chuig réimse leathan de ghrúpaí agus de dhaoine aonair.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, lena n-áirítear treoirlínte, foilseacháin, foirmeacha iarratais ar cheadúnais agus Léarscáil na Séadchomharthaí, breathnaigh ar shuíomh gréasáin Sheirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta (nasc seachtrach)
Eolas Teagmhála
Rphost: nationalmonuments@chg.gov.ie
Teileafón: +353 (0)1 888 2178
Facs: +353 (0)1 888 2689
Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta
An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Seomra G50
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6XO