Reachtaíocht leis an gCeoláras Náisiúnta a chur ar bhonn reachtúil rite sa Dáil agus sa Seanad - an tAire Humphreys
Tá fáilte curtha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Luain) roimh shíniú an Bhille um Fhorais Chultúir Náisiúnta (An Ceoláras Náisiúnta) 2015 ina dhlí ag an Uachtarán, Micheál D. Ó hUigínn. Leis an mBille cuirtear an Ceoláras Náisiúnta ar bhonn reachtúil.
Leagtar amach sa Bhille feidhmeanna straitéiseacha foriomlána an Cheolárais Náisiúnta agus cuirtear i bhfeidhm creat nuashonraithe rialachais chorparáidigh don Áras.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm go bhfuil an píosa tábhachtach reachtaíochta seo rite trí dhá Theach an Oireachtais agus go bhfuil sé anois sínithe ina dhlí ag an Uachtarán. Tríd an gCeoláras Náisiúnta a chur ar bhonn reachtúil feabhsófar ceann dár bhforais chultúir is tábhachtaí.
“Creidim go láidir go gcabhróidh an reachtaíocht seo le fás agus forás an Cheolárais sna blianta amach romhainn, trí chinnte a dhéanamh go bhfuil sé bunaithe ar rialachas corparáideach láidir. Tá méadú ag teacht ar líon na gcuairteoirí chuig an gCeoláras, agus tá clár fairsing spreagúil beartaithe aige mar chuid de chomóradh Stáit na bliana seo chugainn. Is cinnte go gcuirfidh 2016 tús nua le todhchaí an Cheolárais.
“I dteannta leis an reachtaíocht seo, tá an Rialtas ag déanamh infheistíocht chaipitil nach beag sa Cheoláras freisin. Tá seomraí stairiúla Kevin Barry á n-athchóiriú agus á bhforbairt mar chuid d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Tá sé seo sa bhreis ar mhór-infheistíocht chaipitil sa Ghailearaí Náisiúnta agus sa Leabharlann Náisiúnta, rud a léiríonn go bhfuil an Rialtas seo tiomanta d’infheistíocht inár bhforais chultúir.
“Ba mhaith liom go ndéanfaí an Ceoláras Náisiúnta a fhorbairt ina ionad den scoth, ina gcuirtear barrfeabhais ceoil ar taispeáint. Cabhróidh an reachtaíocht leis an méid sin a bhaint amach. Beidh an Ceoláras Náisiúnta níos cuntasaí anois don Oireachtas, agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar a chuntais bhliantúla.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus an Ghaeltacht, a rinne breithniú ar DhréachtChinn an Bhille níos luaithe i mbliana, agus na Teachtaí agus Seanadóirí a chuir go mór leis an bpróiseas reachtaíochta. Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl arís do Chathaoirleach agus Bord an Cheolárais Náisiúnta agus dá bhfoireann as an méid a rinne siad le haghaidh forbairt an Bille seo. Ba chuidiú faoi leith ag mo Roinn a gcuid saineolais.”
CRÍOCH