25/07/19

Ábhar a bhaineann leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin pléite ag Cruinniú an Rialtais i nGaeltacht Thír Chonaill

Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin Seán Kyne T.D. roimh phlé mionsonraithe an Rialtais maidir le hábhar a bhaineann leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin ag cruinniú an Rialtais i nGleann Cholm Cille, i nGaeltacht Thír Chonaill inniu.

Chuir an tAire Kyne, arna iarraidh ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., ceithre mheamram faoi bhráid an Rialtais lena dtabhairt ar aird, a thugann aghaidh ar na saincheisteanna tábhachtacha seo a leanas a bhaineann lena réimse freagrachta:

  • Chuir an tAire Kyne in iúl don chomh-aireacht go bhfuil sé chun Dréacht-Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Comhlachtaí Poiblí) 2003, 2019  a chur faoi bhráid na Dála agus Sheanad Éireann sula síneoidh na hAirí iomchuí ar fad iad. Maidir leis sin, dúirt an tAire Kyne:

“Tá na deacrachtaí atá ag daoine ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Phoiblí trí mheán na Gaeilge, ach nár éirigh leo sin a dhéanamh, de bharr nár tugadh liosta na gcomhlachtaí poiblí atá ag teacht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nuashonraithe ón mbliain 2006, tugtha ar aird go leanúnach ag an gCoimisinéir Teanga.  Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil dréacht-Rialacháin ullmhaithe, le cúnamh ó Oifig an Ard-Aighne, tar éis comhairliúchán fada le ranna Rialtais agus le comhlachtaí poiblí eile.  Cuirfidh na rialacháin sin ar ár gcumas liosta na gcomhlachtaí poiblí atá faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla a nuashonrú, trí thagairtí do chomhlachtaí poiblí a bhfuil deireadh tagtha leo nó atá dulta in éag ó rinneadh na Rialacháin in 2016 a scriosadh, agus trí chomhlachtaí poiblí nua a thabhairt faoi raon feidhme an Achta. Cuirfidh mé na dréacht-Rialacháin faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena gceadú ar fhilleadh dóibh".

"Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), thug mé an t-eolas is déanaí do mo chomhghleacaithe sa chomh-aireacht maidir leis an dul chun cinn suntasach atá déanta i ndréachtú an Bhille le roinnt míonna.  Tá an Bille casta agus tá athbhreithniú bunúsach ar an gcur chuige maidir leis an nGaeilge san earnáil phoiblí a chosaint, a neartú agus a chothú ag baint leis. Dá bhrí sin bhí gá le comhairliúchán suntasach a dhéanamh le comhlachtaí iomchuí san earnáil phoiblí le linn an phróisis dréachtaithe. Leantar den obair dhian agus tá mé ag tnúth le dul ar ais chuig an gcomh-aireacht san fhómhar le dréacht-Bhille lena fhoilsiú."

  • Chuir an tAire in iúl don Chomh-aireacht go bhfuil sé chun Coiste Idir-rannach maidir le Forbairt na nOileán a bhunú, a mbeidh sé féin ina chathaoirleach air.

“Tá oidhreacht chultúrtha den scoth ag na hoileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí orthu", a dúirt an tAire Kyne, "agus is ceann de phríomhchuspóirí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é a chinntiú go bhfanfaidh pobail inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin. Tacaíonn an Rialtas, tríd an Roinn, le seirbhísí iompair agus bonneagar a chur ar fáil ionas go mbeidh teacht ar na hoileán amach ón gcósta. Cé go bhfuil réimse beartas, a forbraíodh ar bhonn ad hoc den chuid is mó, i bhfeidhm ar fud an Rialtais cheana féin, éilítear cur chuige uile-Rialtais le go mbainfidh pobail na n-oileán barr a gcumas amach. Is ar an gcúis sin a glacadh leis an gcéim thábhachtach seo inniu. Tá sé i gceist Beartas Trasrialtais Oileán agus Plean Gníomhaíochta a ghabhann leis a fhorbairt, a eascróidh as obair an choiste.  Beidh toradh na hoibre sin mar bhonn agus mar thaca, más gá, ag reachtaíocht chuí.  Tá ríméad orm gur chuir mé an togra sin os comhair na Comh-aireachta lena phlé mar is é seo an chéad uair ar tugadh faoi thionscadal dá leithéid, ó foilsíodh Tuarascáil deiridh an Choiste Idir-rannaigh maidir le Forbairt na nOileán i 1996.

  • Thug an tAire an t-eolas is déanaí maidir leis an bPróiseas reachtúil Pleanála Teanga sa Ghaeltacht don Chomh-aireacht agus rinne sé cur i láthair maidir le torthaí an athbhreithnithe a rinne a Roinn ar Scéim na gCúntóirí Teanga agus maidir le Tuarascáil Thascfhórsa Uíbh Ráthach agus an Plean Gníomhaíochta 2019 - 2022 a sheol sé ag ócáid i gCathair Saidhbhín ag tús na seachtaine.

“D'fhoilsigh mo Roinnse a Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 an tráth seo anuraidh,” a dúirt an tAire Kyne. “Leagtar amach sa Phlean níos mó ná 180 gníomh ar leith atá le cur i bhfeidhm ag thart ar 60 páirtí leasmhar agus foilseofar an chéad tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir leis an bPlean Gníomhaíochta san fhómhar, nuair a bheidh sí ceadaithe ag an Rialtas. Tá an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ar cheann de na príomhspreagthóirí a thacaíonn le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta.    Tá 15 de 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht ceadaithe go dtí seo faoi Acht na Gaeltachta 2012. Leithdháileadh maoiniú iomlán €3.2m ar mo Roinnse chun tacú le próiseas na bliana seo agus d'fhógair mé cúpla lá ó shin go gcuirfear leithdháileadh €1.7m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge chun tacú leis an bpróiseas sa bhliain reatha.  Tá an próiseas seo faoi lán seoil," a dúirt an tAire Stáit, "agus bhí mé an-sásta a chur in iúl don Rialtas inniu go bhfuil 9 nOifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta ceaptha i Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht."

  • Chuir an tAire an Rialtas ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an laghdú de réir a chéile ar an maolú ar úsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre an Aontais Eorpaigh, nuair a chuir sé tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach faoi bhráid a chomhghleacaithe maidir le dul chun cinn institiúidí an Aontais, lenar ghlac an Coimisiún Eorpach an 4 Iúil. Maidir leis sin, thug an tAire le fios:

“Ar an iomlán, tá ábhar dearfach sa tuarascáil. Bhí ríméad orm achoimre a thabhairt don Chomh-aireacht maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ngach réimse den phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an maolú, mar thoradh ar obair leanúnach mo Roinnse, i gcomhar le hinstitiúidí an AE agus an earnáil tríú leibhéal in Éirinn.  Cuirtear deiseanna fostaíochta nua in Éirinn agus san Eoraip ar fáil do mhuintir na hÉireann le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Bhí 101 ball foirne Gaeilge ag obair in institiúidí an Aontais Eorpaigh i mí Nollag na bliana seo caite.  Is postanna ard-oilte agus saineolacha iad, agus tá pá maith ag dul leo dá bharr sin."

"Tá ról lárnach ag an nGaeilge i dtaobh naisc cultúir agus oidhreachta a dhéanamh, le diaspóra na hÉireann ar fud an domhain, áit a neartaíonn an Ghaeilge naisc leis an mbaile agus a gcoinníonn sí léirithe a bhaineann le féiniúlacht na Éireann ó ghlúin go glúin. Ag teacht le Straitéis Éire Dhomhanda 2015 an Rialtais, tá mo Roinnse i mbun réimse leathan oibre a bhaineann leis an nGaeilge atá dírithe ar an bPobal Domhanda seo. Cuireann an obair a dhéantar ag leibhéal an AE leis an straitéis mhóriomlán seo agus cuireann an teanga chun cinn mar phríomhghné d'fhéiniúlacht na hÉireann. Ba mhian liom aitheantas a thabhairt do thiomantas leanúnach na n-institiúidí maidir leis an maolú a thabhairt chun críche, mar a leagtar amach sa tuarascáil seo, agus tá mé ag tnúth go mór leis an obair leanúnach i gcomhar a bheidh ar siúl idir seo agus 2022."

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service