12/06/19

An Dr Moling Ryan ceaptha ag an Aire ar Bhord Ghaillimh 2020

Tá an Dr Moling Ryan ceaptha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD,  le hionadaíocht a dhéanamh uirthi ar bhord Ghaillimh 2020.

Tá taithí chruthaithe ag an Dr Ryan i rialachas agus sa tseirbhís phoiblí, agus bhí sé i gceannas ar roinnt eagraíochtaí seirbhíse poiblí chomh maith le bheith ina bhainisteoir orthu. An post is deireanaí díobh sin ab ea ina Stiúrthóir Eatramhach ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA).  Tá sé fós ina chathaoirleach agus ina chomhalta ar roinnt bord, chomh maith le bheith i mbun athbhreithnithe ardleibhéil ar eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta éagsúla.

Tiocfaidh an Dr Ryan in áit an Uasail Declan McGonagle a d'éirigh as le gairid de bharr cúinsí pearsanta.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service