31/07/20

A comhbhrón curtha in iúl ag an Aire Catherine Martin T.D. faoi bhás Choilm Uí Bhriain

A comhbhrón curtha in iúl ag an Aire Catherine Martin T.D. faoi bhás Choilm Uí Bhriain

Tá a comhbhrón curtha in iúl ag an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin T.D. do mhuintir agus do chairde Choilm Uí Bhriain, a bhí ina Stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon tráth. 

Dúirt an tAire Martin:"Beidh cuimhne ar Cholm Ó Briain as an saol fada agus iontach a chaith sé ag obair leis an bpobal ealaíon sa tír seo agus ar na róil éagsúla a bhí aige ar feadh na mblianta. Ba é Colm Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon idir na blianta 1975 agus 1983 agus ba é comhairleoir speisialta an chéad Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta é chomh maith. Ba é Michael D Higgins, Uachtarán na hÉireann, an tAire sin. Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir agus le cairde Choilm ag an am thar a bheith deacair seo."

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service