06/08/15

Fógraíonn an tAire Humphreys coimisiúin ealaíon uaillmhianacha na Comhairle Ealaíon ‘chun an náisiún’ a spreagadh mar chuid d’Éire 2016

Tháinig Heather Humphreys TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le chéile inniu le Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus le hOrlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, chun naoi mórthionscadal ealaíon lena gcomórfar eachtraí na bliana 1916 a fhógairt. Cuid ríthábhachtach de Chlár Comórtha Éire 2016 an Rialtais is ea na coimisiúin sin, a chuimsíonn ceol traidisiúnta, filíocht, damhsa agus na hamharcealaíona. Cuirfear iad i láthair an phobail mhóir an bhliain seo chugainn.

Ba é coiste idirnáisiúnta a roghnaigh na tionscadail tar éis don Chomhairle Ealaíon ‘glao oscailte’ a eisiúint d’ealaíontóirí Éireannacha, agus í ag gealladh go n-infheisteofaí €1 mhilliún san iomlán i smaointe uaillmhianacha de chuid ealaíontóirí ar fud na tíre.

Agus í ag fógairt na dtionscadal rathúil inniu, dúirt Heather Humphreys, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta: “Bhí na healaíona agus an cultúr ina ngné riachtanach den ghluaiseacht taobh thiar d’eachtraí Éirí Amach na bliana 1916 agus chabhraigh an athbheochan Ghaelach agus an athbheochan liteartha le glúin nua a spreagadh. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go dtugtar áit lárnach do na healaíona i gClár Comórtha Éire 2016. Ní hé amháin go gcabhróidh na coimisiúin linn machnamh a dhéanamh ar ar tharla céad bliain ó shin, cabhróidh siad linn freisin féachaint chun cinn ar a bhfuil le teacht sa chéad 100 bliain eile.

Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Beagnach céad bliain ina ndiaidh, léiríonn na tograí freagairt thábhachtach d’eachtraí na bliana 1916. Beidh sé an-spéisiúil amharc ar an obair a dhéanfar sna míonna atá romhainn de réir mar a fhíoraítear na smaointe. Tá an-mhuinín agam go spreagfaidh na healaíontóirí an náisiún mar gheall ar an bhfís agus an uaillmhian atá acu.”

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Bhíomar sa Chomhairle Ealaíon an-tógtha agus an-sásta leis an bhfreagairt dár “nglao oscailte” agus bhí sé ní ba dheacra fós don choiste idirnáisiúnta gan ach naoi n-iarratas a roghnú as 258 gcinn dá bharr sin. Beidh na tionscadail rathúla ag croílár an chláir chomórtha agus táimid ag iarraidh go mblaisfidh an oiread daoine agus is féidir an saothar nuair a chuirfear i láthair é an bhliain seo chugainn.”

Mar chuid de chlár comórtha Éire 2016 an Rialtais freisin, tairgfidh an Chomhairle Ealaíon 16 sparánacht speisialta do ghlúin nua ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn; tairgfidh sí tacaíocht camchuairte bhreise chun imeachtaí ealaíon a chur i láthair pobal ar fud na hÉireann; agus tabharfaidh sé roinnt mhór de na cóir is fearr sa tír le chéile chun ceolchoirm saor in aisce a chraolfar ar an teilifís a chur ar siúl, áit a mbeidh saothar atá coimisiúnaithe go speisialta le Shaun Davey agus Paul Muldoon le cloisteáil.

 

CRÍOCH

 

Nótaí d’eagarthóirí

 

The Souvenir Shop le Rita Duffy

Arna choimeád ag Helen Carey

Cur Síos

Déanfar scrúdú in The Souvenir Shop ar na hathruithe atá ag teacht ar chialla agus ar earraíocht na mbeart agus na siombailí a bhaineann leis an réabhlóid, ag scrúdú an dóigh a bhfuil ‘cuimhneacháin’ á ndéanamh go ginearálta d'íomhánna, nithe agus téamaí Éirí Amach na Cásca 1916. Déantar iniúchadh sa saothar chomh maith ar an dóigh a ndéileálann gnáthdhaoine agus gnáthlaochra le coinbhleacht agus le réiteach. Agus tagairt á déanamh do shiopaí lár na cathrach arbh le sínitheoir an bhForógra, Tom Clarke iad tráth, cruthóidh Duffy siopa i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath a bheidh líonta le bia-ábhair, earraí, cógais, agus beidh íomhánna ann den éirí amach agus a laochra, fite isteach i gnáthrudaí laethúla. Aistreoidh an t-ealaíontóir gach rud stairiúil agus gach gnáthrud isteach ina rudaí draíochtúla agus ceisteoidh sé ó thalamh dearcthaí an phobail maidir le foréigean, comóradh agus aitheantas náisiúnta.

Beathaisnéis

Rugadh Rita Duffy i mBéal Feirste agus d’fhás sí suas ansin. Oibríonn Duffy sa traidisiún fíorach/insinte, agus tagann a bhfiosruithe ar shaincheisteanna maidir le haitheantas, stair agus polaitíocht na hÉireann as taithí dhírbheathaisnéiseach go minic. Baineann a gcuid saothair le ceardaíocht fhíormhaith ábhar agus bíonn péinteáil, líníocht agus suiteáil na meán measctha i gceist leis go ginearálta. Bíonn saothar Duffy greannmhar go minic, agus leas á bhaint aici as traidisiúin áiféise san ealaín, ag déanamh tagairt don Osréalachas agus don Réalachas Draíochta. Sealbhaítear a gcuid saothair i mbailiúcháin náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus i dtaispeántais Duffy go mór. Thug sí faoi a lán coimisiún poiblí agus d’oibrigh sí le grúpaí áitiúla agus pobail ina tionscadail.

 

Coimeádaí neamhspleách bunaithe i mBaile Átha Cliath is ea Helen Carey. Dírítear ina cleachtas ar chuimhne, ar stair agus ar aitheantas cultúrtha. Choimeád Carey sraith taispeántas do Chomóradh Céad Bliain an Fhrithdhúnta 1913/2013 agus ba le Ewa Partum, Michael Warren, agus Mark Curran a d’oibrigh a d’oibrigh sí go deireanach ar an tionscadal leanúnach THE MARKET. Tá sí ina Stiúrthóir faoi láthair ar Fire Station Artists’ Studios (Stiúideonna Ealaíontóirí an Stáisiúin Dóiteáin) , agus bhí sí ina Stiúrthóir/Coimeádaí roimhe sin, Dánlann Chathair Luimnigh agus ina Stiúrthóir tionscnaimh, Centre Culturel Irlandais, Páras.

 

THESE ROOMS

CoisCéim Dance Theatre agus ANU Productions

Cur Síos

Comhoibriú cruthaitheach idir ANU agus CoisCéim Dance Theatre, léiriú beo, tumthach agus suiteáil scannáin is ea THESE ROOMS ina ndéantar an damhsa comhaimseartha, an téatar agus an amharc-ealaín a thrasphailniú.  Tá an saothar bunaithe ar theagmhas stairiúil, a tharla ar Shráid an Rí, Baile Átha Cliath in Aibreán 1916 a bhain le marú cúigear fear sibhialtach déag. Agus tagairt á déanamh do chuntais finné súl, beidh THESE ROOMS ina fhianaise fhisiciúil chorpraithe ina dtarraingítear aird ar éifeachtaí an choinbhleachta ar shaolta gnáthdhaoine agus ina n-athdhearbhaítear ról na healaíne agus an stair á caibidliú.

Beathaisnéis

ANU Productions

Tá ANU tiomanta do chur chuige idirdhisciplíneach maidir le léiriú beo ina dtrasphailnítear an amharc-ealaín, an damhsa agus an téatar ar bhealach dianchomhoibríoch agus ina gcuirtear an lucht féachana i gcroílár a saothair ag an am céanna. Is iad na Stiúrthóirí Ealaíne Louise Lowe agus Owen Boss atá in ANU, agus tá sé léirithe ag Lynette Moran agus Matt Smyth. Áirítear ar na saothair: Pals, The Irish at Gallipoli (Dún Uí Choileáin); Glorious Madness (Fáilte Éireann agus DCC); Beautiful Dreamers (Cathair Chultúir Luimnigh), Vardo (DTF2014), Angel Meadow (HOME Manchester), Thirteen (DFF), Dublin Tenement Experience; The Boys of Foley Street (DTF2012); Laundry (DTF2011), World's End Lane (DTF2010), Memory Deleted agus Basin (DFF).

Amharclann Rince CoisCéim

Bunaíodh Coiscéim i 1995, agus is tá a stíl léiriúcháin comhaimseartha agus beoga, agus meas eolasach acu ar an saol laethúil Cuimsíonn an Stiúrthóir Ealaíne, David Bolger rogha stíleanna damhsa chun scéalta agus mothúcháin a bhaineann leis na tírdhreacha ina gcónaímid a chur in iúl.  Chuir an chuideachta saothar i láthair lucht féachana, idir bheag agus mhór, ar an stáitse agus ar scannán ar fud na hÉireann agus thar lear. Áirítear ar na buaicphointí BALLADS (Jacob’s Pillow Dance Festival, SAM & Ten Days on the Island Festival, an Astráil); KNOTS agus SWIMMING WITH MY MOTHER (Peak Performances, SAM); KNOTS (Biennale na Veinéise ) agus go deireanach in 2014, MISSING ag Edinburgh Festival Fringe.

 

A Poet’s Rising

Áras na Scríbhneoirí

Cur Síos

Choimisiúnaigh Áras na Scríbhneoirí sé dhán, ceann do gach lá den Éirí Amach. Déanfaidh cuid dár bhfilí comhaimseartha is mó a bhfuil tionchar acu na dánta seo a scríobh agus a léiriú agus déanfaidh siad machnamh ar phearsa, ar shuíomh nó ar imeacht a bhaineann leis an Éirí Amach. Déanfar na dánta a scannánú agus a eisiúint le linn sheachtain an chomórtha bliana. Áirítear ar na filí sin Jessica Traynor, Thomas McCarthy, Paul Muldoon, Nuala Ní Dhomhnaill, Eiléan Ní Chuilleanáin, Theo Dorgan. Cumfaidh Colm Mac Con Iomaire scór úrnua. Cuirfear na scannáin ar fáil mar aip lena n-íoslódáil. Leis an aip seo tabharfar an t-úsáideoir go dtí gach suíomh áit inar féidir leo breathnú ar fhíseán an dáin arna léiriú ag an bhFile. Craolfar na dánta ar an teilifís trastíre fosta.

 

Beathaisnéis

Eagraíocht acmhainní cheannais do scríbhneoirí is ea Áras na Scríbhneoirí.  Tairgtear tacaíochtaí gairmiúla ann chun freastal ar riachtanais scríbhneoirí ag gach céim dá bhforbairt trí oiliúint, faisnéis, deiseanna líonraithe agus imeachtaí cláreagraithe. Príomhpháirt dá ról ná foireann uirlisí/seirbhís chuimsitheach agus nuálach a thairiscint chun tacú le forbairt ghairmiúil scríbhneoirí. Tá an tÁras tiomanta chomh maith do naisc a chothú idir scríbhneoirí ar fud na hÉireann chomh maith lena scríbhneoireacht a cheiliúradh trí lucht léitheoireachta a chruthú dá gcuid saothair sa bhaile agus thar lear. Baintear na spriocanna sin amach trína n-ionad fisiceach i gCearnóg Parnell, trína gcláir for-rochtana náisiúnta agus idirnáisiúnta agus trína láithreacht shainithe ar line.

 

In the Shadow of the State

Sarah Browne agus Jesse Jones

Cur Síos

Comhoibriú is an In the Shadow of the State idir amharc-ealaíontóirí, Sarah Browne agus Jesse Jones, ina ndéantar iniúchadh ar a bheith ina stát ó pheirspictíocht corp mná de. I gcomhthéacs chomóradh céad bliain 1916, déantar scrúdú sa tionscadal ar bhreith an stáit, agus cad is brí leis do mhná sa lá inniu. Trí shraith imeachtaí beo rannpháirtíochta i spásanna allabhracha stairiúla in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain, áirítear saineolaithe comhoibríocha ó na réimsí leighis, dlí, cultúir ábhartha agus ceoil sa tionscadal. Tá Éirí Amach 1916 – arbh ghluaiseacht shóisialach agus fheimineach í ar dtús chomh maith le tionscadal náisiúnach – fós gan chríochnú do mhná in Éirinn. Tá In the Shadow of the State comhchoimisiúnaithe ag Create (Éire) agus Artangel (an Ríocht Aontaithe), agus tugann Heart of Glass (an Ríocht Aontaithe) tacaíocht bhreise ina leith.

 

Beathaisnéis

Tá Sarah Browne agus Jesse Jones bunaithe i mBaile Átha Cliath agus rinne siad a staidéar sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Ina gcomhoibriú, mar chleachtas feimineach, tugann siad comhbhuarthaí le chéile. Tá líon iomadúil saothar déanta acu laistigh agus lasmuigh de spásanna dánlainne, agus tá taithí fhairsing acu ar chomhthéacsanna comhoibríocha agus trí choimisiúin ealaíne phoiblí. Rinneadh a dtaispeántais, a scannáin agus a dtionscadail phoiblí a léiriú ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, le haghaidh institiúidí amhail Project Arts Centre, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Biennale Iostanbúl, Artsonje Seoul, Bailiúchán Ealaíne Daimler agus Pailliún na hÉireann ag Biennale na Veinéise.

 

Visionaries and their words

Lorcán Mac Mathúna

Cur Síos

100 bliain i ndiaidh na réabhlóide, déanfar iniúchadh in '1916 - Visionaries and their Words' ar scríbhneoireacht agus idéil cheannairí Éirí Amach 1916 i gclár ceolchoirme arna spreagadh ag a gcuid saothar a bheidh ar siúl ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2016 agus ag Féile Thraidisiúnta Bharra an Teampaill. Ag baint leas as a gcuid scríbhneoireachta, déanfaidh Lorcán Mac Mathúna iarracht fís na réabhlóidithe a léirmhíniú agus scrúdú a dhéanamh ar a n-oidhreacht agus ar a n-athshondas comhaimseartha.

Léireofar guthanna fear, ban, agus leanaí agus scéalaí a léifidh as scríbhneoireacht foinse sa cheolchoirm, mar aon le híomhánna agus píosaí scannáin, idir chomhaimseartha agus chartlainne.

Beathaisnéis

Ceoltóir, scríbhneoir agus cóiritheoir is ea Lorcán Mac Mathúna agus ní féidir a chuid saothar a chatagóiriú. Agus é ag obair go fairsingíoch sa réimse ceoil, agus a eolas stíleach á fháil aige ó theicnící gutha an tsean-nóis agus ón bhfealsúnacht, tá a chuid ceoil saibhir i dton, miondifriúil, agus dinimiciúil. Is nuálaí é i léiriú amhrán traidisiúnta agus téacsanna stairiúla. Go dtí seo áiríodh ar a chuid saothar ceithre shraith amhrán coimisiúnaithe, an scrúdú ceannródaíoch ar na méadair mheánaoiseacha Ghaelacha "Preab Meadar”, comhoibriú lena nasctar ceol Lochlannach agus Gaelach, ceol ar ala na huaire agus leictreonach, agus forbairt teoirice comhdhéanaimh.

 

The Casement Project

Feargus Ó Conchúir

Cur Síos

Cóiréagrafaíocht corp agus smaointe is ea The Casement Project a bhíonn ar siúl ar fud ilardán agus teorainneacha náisiúnta. Damhsaíonn sé leis an gcomhlacht ait um piaraí na Breataine, reibiliúnach na hÉireann agus an daonnúlach idirnáisiúnta, Roger Casement. Cuireann sé ceist: Cé a fhaigheann isteach sa chomhlacht náisiúnta? Conas a d’fhéadfadh an comhlacht náisiúnta bogadh?

Tagann foireann chruthaitheach a ghnóthaigh gradaim, pearsanra taibheoirí agus rannpháirtithe a bhfuil moladh faighte acu ar bhonn idirnáisiúnta ó na healaíona agus tharstu, i gcomhar le Fearghus Ó Conchúir chun cúig bhealach idirnasctha a cruthú do dhaoine chun páirt a ghlacadh sa tionscadal; léiriú ar stáitse, féile chomórtha damhsa, scannán damhsa, siompóisiam acadúil agus sraith deiseanna rannpháirtíochta a chuireann fáilte roimh éagsúlacht daoine.

Beathaisnéis

Tógadh Fearghus i nGaeltacht na Rinne. Bhain sé céimeanna amach sa Bhéarla agus sa Litríocht Eorpach ag Magdalen College Oxford, sular thosaigh sé i ngairm mar chóiréagrafaí. Agus é ag comhoibriú go minic le healaíontóirí agus le saineolaithe ó dhisciplíní eile, is cosantóir é faoi cad is féidir leis an damhsa a dhéanamh chun cuidiú linn tuiscint a fháil faoin dóigh a mairimid sa saol. Ina léiriúcháin scannáin agus bheo, a chuirtear i láthair ar fud an domhain, cruthaítear creataí do lucht féachana agus ealaíontóirí chun pobail a fhorbairt le chéile.   Le bliain anuas, bhí sé ar camchuairt lena shaothar damhsa Cure, agus ba i Hong Cong a bhí sé go deireanach; chomhoibrigh sé leis an amharc-ealaíontóir, Sarah Browne agus chruthaigh sé an damhsa comhtháite The Rhythm of Fierce do Croí Glan, chomh maith le tús a chur le taighde ar Thionscadal Casement.  www.fearghus.net

 

Future Histories

Performance Art Live Foundation

Cur Síos

Coimeádfaidh Niamh Murphy agus Áine Phillips imeacht beo ealaíne agus cultúir ó éirí go luí na gréine le 16 ealaíontóirí Éireannacha a bhfuil moladh faighte acu ag Gaol Chill Mhaighneann chun freagairt dá bhainteacht stairiúil íocónach le hÉirí Amach 1916. Freagróidh na healaíontóirí dá dtabharfar cuireadh, ó thuaisceart agus ó dheisceart na teorann, a oibríonn i léiriú, san ealaín bheo agus i bhfíseáin do chomóradh céad bliana 1916, ag cruthú peirspictíochtaí comhaimseartha maidir lenár stair, coinbhleachtaí, géarchéimeanna agus paisin chomhroinnte i dtaca leis an Éirí Amach agus a séadchomhartha is mó, Gaol Chill Mhaighneann.

Is iad na healaíontóirí siúd Amanda Coogan, Danny McCarthy, Brian Connolly, Debbie Guinnane, Helena Walsh, Sandra Johnson, Fergus Byrne, Francis Fay, Katherine Nolan, Pauline Cummins, Ciara McKeon, Dominic Thorpe, Maeve Redmond, Dr. Laura McAtackney, Michelle Browne, Alastair McLennan agus Sinéad O’Donnell.

Beathaisnéis

Tionscnaimh faoi stiúir ealaíontóirí in Éirinn is ea Performance Art Live Foundation, atá tiomanta do léiriú beo, marthanach agus don ealaín bheo a dhéanann ealaíantóirí-taibheoirí agus atá infheistithe iontu. Agus iad ag tacú le healaíontóirí Éireannacha maidir le léiriú beo ar bealaí comhoibríocha, cuireann Performance Art Live Foundation léiriú Éireannach chun cinn mar chleachtas láidir agus beoga ag a bhfuil ginealach stairiúil.

Is iad Áine Phillips agus Niamh Murphy coimeádaithe Future Histories. Déanann Áine Phillips léiriú beo san ealaín agus i bhfíseáin in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá sí bainteach le tionscadail arna stiúradh ag ealaíontóirí agus coimeádann sí imeachtaí ealaíne beo in Éirinn. Ní sí ach i ndiaidh “Performance in Ireland: A History” a fhoilsiú, an chéad suirbhé ar an bhfoirm ealaíne ar an oileán. Ealaíontóir agus coimeádaí na healaíne beo is ea Niamh Murphy agus tá sí ina stiúrthóir ar Fhéile na hEalaíne Beo, Baile Átha Cliath (Dublin Live Art Festival ) ó bhí 2012 ann.

 

HEED

Garrett Phelan

Cur Síos

Is saothar fuaime poiblí é HEED, a dhéanfaidh an t-ealaíontóir Garrett Phelan i gcomhar le grúpaí daoine óga (18 go 25 bliain d’aois) atá bunaithe i mBaile Átha Cliath agus le tacaíocht ó sholáthraithe seirbhísí sóisialta. Díreofar in HEED orthu siúd atá mhíshásta agus a bhfuil ceart vótála á bhaint díobh níos mó agus níos mó, agus tabharfar guth dóibh ann. Tá sé d’aidhm leis na buartha atá le sárú ag daoine óga a thabhairt chun suntais, ar bhealach a bheidh dearfach agus cuiditheach, trí thionscadal fuaime suntasach a chruthú. Scairtear ar uaillmhianta an ama a chuaigh thart isteach sa lá inniu in HEED; is é sin Éire ina gceistítear de shíor sláine a rialachais, léiriú a aitheantais chultúrtha agus friotháil na sochaí sibhialta.

Beathaisnéis

Déanann Garrett Phelan tionscadail suíomhoiriúnaithe ina gcuimsítear craoltaí raidió FM, suiteálacha dealbhacha, grianghrafadóireacht, scannáin, beochan agus líníocht. Rinne sé taispeántais go forleitheadach in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus seónna le déanaí ag Project Arts Centre, Baile Átha Cliath, 2015; IMMA, Baile Átha Cliath 2012; agus grúpthaispeántais ag EVA International 2014; Palais des Beau-Arts de Bruxelles 2013; ICA, Londain 2012; 11th Lyon Biennial, 2011.

 

Saothar nua le Willie Doherty

Arna choimisiúnú ag Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn

Cur Síos

Tá sé molta ag Willie Doherty saothar físeáin úr a dhéanamh ina ndéantar scrúdú ar oidhreacht Éirí Amach na Cásca 1916. Bainfear leas sa saothar as suim Doherty sa chaidreamh idir an tírdhreach agus an chuimhne, agus cuirfear ar scannán é i láithreacha lena mbaineann conspóid staire i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath. Léireofar an físeán den chéad uair san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn in Iúil 2016 mar chuid d’Fhéile Ealaíne an Earagail, agus beidh sé ar taispeáint i nDánlann Kerlin, Baile Átha Cliath agus Matt’s Gallery, Londain i ndeireadh 2016, tús 2017.

Beathaisnéis

Rinne Willie Doherty a lán taispeántas i gcuid mhór músaeim thábhachtacha ar fud an domhain lena n-áirítear SMK Statens Museum for Kunst, Cóbanhávan; Dallas Museum of Art; Kunstverin in Hamburg; Salzburger Kunstverin, Salzburg; Museum of Contemporary Art, Béalgrád; De Appel, Amstardam; agus IMMA, Baile Átha Cliath; agus tá saothar aige ina lán bailiúchán poiblí. Ainmníodh dhá uair é do Dhuais Turner agus ghlac sé páirt i mórthaispeántais idirnáisiúnta lena n-áirítear Documenta, Manifesta agus Biennale na Veinéise, São Paulo agus Iostanbúl.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service