18/01/17

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le hailtirí Éireannacha as a gceapachán mar léiritheoirí an 16ú Biennale Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis

Tá comhghairdeas á dhéanamh inniu ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, le Yvonne Farrell agus Shelley McNamara as Grafton Architects ar a gceapachán mar léiritheoirí an 16ú Biennale Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis in 2018.  Le níos mó ná céad bliain anuas tá Biennale na Veinéise ar cheann de na heagraíochtaí cultúrtha is mó le rá ar domhan agus is é an Biennale Ailtireachta sa Veinéis ceann de na hardáin is tábhachtaí sa domhan le saothar a chur ar taispeáint ann.

Agus í ag fógairt an cheapacháin, dúirt an tAire Humphreys:

Tá iomrá fíorshuntasach ar Yvonne Farrell agus Shelley McNamara agus léirítear lena gceapachán mar léiritheoirí Biennale na Veinéise 2018 an meas atá orthu go hidirnáisiúnta. Is mór an onóir d’Éirinn é go mbeidh ailtirí Éireannacha chomh hard-mheasta sin ag léiriú Biennale na Veinéise 2018, ailtirí ar ar bronnadh an Silver Lion ag Biennale na Veinéise in 2012 as a gcur i láthair den dearadh a rinne siad do champas ollsoile UTEC i Lima Pheiriú.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service