10/12/15

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le hainmnithe na hÉireann do na Golden Globes

D’fháiltigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu roimh an rath a bhí ar thionscal scannán na hÉireann le déanaí, nuair a fógraíodh ainmnithe na Golden Globes.  Fuair léiriúcháin maoinithe ag Bord Scannán na hÉireann 4 ainmniúchán; ainmníodh scannán Lenny Abrahamson, Room, sa chatagóir don Scannán is Fearr, fuair Brie Larson a bhí in Room agus Saoirse Ronan a bhí in Brooklyn ainmniúcháin don chatagóir Ban-Aisteoir is Fearr i Scannán agus ainmníodh Emma Donoghue sa chatagóir don Script Scannáin is Fearr le haghaidh Room, a chur sí in oiriúint as a leabhar féin, a bhfuil gradaim bainte aige freisin.

Chomh maith leis na scannáin thuasluaite, a mhaoinigh Bord Scannán na hÉireann, bhí tuilleadh rath ar mhuintir na hÉireann mar gur ainmníodh Michael Fassbender sa chatagóir Aisteoir is Fearr i Scannán as a ról i scannán Danny Boyle, Steve Jobs. Ainmníodh Caitriona Balfe sa chatagóir Ban-aisteoir is Fearr i sraith teilifíse do Outlander. Tá Eva Green sa chatagóir seo freisin, dá ról in Penny Dreadful, a scannánaíodh i mBaile Átha Cliath.

Agus í ag labhairt inniu, bhí an méid seo le rá ag  an Aire Humphreys:

“Tá lúcháir orm go bhfuil an oiread sin aisteoirí agus scannánóirí Éireannacha ainmnithe do na Golden Globes. Tagann na haimniúcháin seo sna sála ar na British Independent Film Awards an deireadh seachtaine seo caite, áit ar bronnadh an gradam don Bhan-aisteoir is Fearr ar Shaoirse Ronan, an gradam don Aisteoir Taca is Fearr ar Brendan Gleeson agus an gradam don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr ar Room, le Lenny Abrahamson.

“Is iontach an leibhéal cumais atá le fáil i dtionscal scannán na hÉireann agus is deas a fheiceáil go bhfuil sé ag fáil aitheantas idirnáisiúnta. Tá dea-cháil bainte amach ag Éirinn mar shuíomh scannánaíochta le blianta beaga anuas agus gach uair a bhronntar gradam ar aisteoir nó scannánóir Éireannach, cuirtear borradh faoin earnáil uile anseo. Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le hainmnithe Éireannacha uile na Golden Globes agus gach rath a ghuí orthu ar oíche an bhronnta.”

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service