07/12/15

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le buaiteoirí na hÉireann ag na British Independent Film Awards

Tá comhghairdeas déanta inniu ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, le Saoirse Ronan, Brendan Gleeson agus Lenny Abrahamsom as an rath a bhí orthu ag na British Independent Film Awards (BIFA) aréir.   Bronnadh an gradam don Bhan-aisteoir is Fearr ar Shaoirse Ronan, fuair Brendan Gleeson an gradam don Aisteoir is fearr agus ainmníodh scannán Lenny Abrahamson, Room, mar an Scannán Idirnáisiúnta is Fearr, le linn oíche mhór do mhuintir na hÉireann.

Agus í ag labhairt inniu, bhí an méid seo le rá ag  an Aire Humphreys:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí Éireannacha go léir ag gradaim na hoíche aréir. Is samplaí den scoth iad Saoirse, Brendan agus Lenny den raidhse cumais atá i dtionscal scannánaíochta na hÉireann, a bhfuil aitheantas cuí á thabhairt air go hidirnáisiúnta. Ní hamháin go dtugann rath na hÉireann ag mórfhéile scannánaíochta agus ócáid bhronnta aitheantas do na haisteoirí agus scannanóirí lena bhaineann, cabhraíonn sé freisin aird a tharraingt ar thionscal iomlán scannánaíochta na hÉireann. Is cosúil gur bliain an-spreagúil do scannáin in Éirinn a bheidh in 2016, i bhfianaise cé chomh maith is atá ag éirí le Brooklyn agus mar gheall go scaoilfear Room gan mhoill.” 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service