11/01/15

Eisíonn an tAire Humphreys comhráiteas le hAirí Cultúir na hEorpa maidir le huafáis na Fraince

D’eisigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Domhnaigh) comhráiteas le hAirí Cultúir na hEorpa chun aird a dhíriú ar shárú saoirse ealaíonta mar a chonacthas in uafáis na Fraince, lena n-áirítear Charlie Hebdo, agus chun tábhacht an AE a athdheimhniú.

Tá an ráiteas a thionscain Uachtaránacht na Laitvia, Aire Cultúir na Laitvia, Ms Dace Melbarde, agus Aire Cultúir agus Cumarsáide Phoblacht na Fraince, Ms Fleur Pllerin, sínithe ag gach aon duine de na 28 Aire Cultúir ar fud an AE.  Tá sé á eisiúint ag an am céanna le mórshiúl dlúthpháirtíochta an lae inniu i bPáras, ag a mbeidh an Taoiseach, Enda Kenny TD.

Agus í ag labhairt inniu, bhí an méid seo le rá ag  an Aire Humphreys:

“Ní mór dúinn an fód a sheasamh don shaoirse ealaíonta agus don saoirse cainte. Bunaíodh an tAE ar phrionsabail na saoirse, na slándála agus an chirt, chomh maith leis an meas ar éagsúlacht chultúrtha san Aontas. Léiríonn uafáis Pháras nach mór dúinn gach iarracht a dhéanamh anois níos mo ná riamh chun seasamh leis na hídéil sin.

“Táimse ag seasamh le hAirí Cultúir an AE chun béim a chur ar thábhacht na saoirse ealaíonta. Gan í, bheimis inár gcónaí i sochaí thar a bheith srianta. Ní mór saoirse cainte a cheiliúradh, a chosaint agus a fháiltiú mar dhearbhphrionsabal bunúsach i sochaí oscailte dhaonlathach.

“Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir Phárais a d’fhulaing eachtra thar a bheith scanrúil le cúpla lá anuas. Ba ionsaí ar an tsaoirse na dúnmharuithe sa Fhrainc. Inniu, seasaimid taobh le taobh le muintir na Fraince agus lenár gcomharsana Eorpacha mar fhógairt aontaithe maidir le saoirse agus aontas.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service