29/11/16

Ceapacháin á ndéanamh ag an Aire Humphreys chuig Bord na Comhairle Ealaíon

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Luain) go bhfuil seisear gnáthbhall nua ceaptha aici chuig Bord na Comhairle Ealaíon.

Beidh éifeacht leis na ceapacháin seo a leanas láithreach:

  • Damien Downes
  • Loughlin Deegan
  • Paddy Glackin
  • Martina Moloney
  • Pádraig Ó Duinnín
  • Helen Shaw

Chuir na ceapaithe go léir isteach ar na poist trí www.stateboards.ie agus moladh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go raibh na scileanna riachtanacha acu le haghaidh Bord na Comhairle Ealaíon. Is le haghaidh tréimhse cúig bliana na ceapacháin seo.

Beidh na ceapaithe nua ag glacadh a n-áiteanna ar an mbord in éineacht leis na baill atá air cheana:

  • Miriam Dunne
  • Brian Maguire
  • John Mc Auliffe
  • Emer O’Connor
  • Sheila Pratschke (Cathaoirleach)
  • Monica Spencer
  • Joan Sheehy

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service