18/03/16

Fáilte ar ais go hÉirinn á fearadh ag an Aire Humphreys roimh Star Wars

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine) gur borradh eile faoi earnáil na scannaíochta é go bhfuil Star Wars le filleadh ar Éirinn.

“Tá mo Roinn ag obair le Disney Lucasfilm le míonna beaga anuas chun filleadh Star Wars ar Éirinn a éascú. Tá dáimh láidir ag Disney Lucasfilm le hÉirinn anois agus tá lúcháir orm go mbeidh siad ag teacht ar ais chun tuilleadh scannánaíochta a dhéanamh ar ár gcósta álainn drámatúil.

“Tá sé feicthe againn cheana mar a chuir an scannán is déanaí de chuid Star Wars Sceilig Mhichíl agus iardheisceart Chiarraí i láthair an domhain. Anois, déanfar a mhacasamhail le háiteanna eile ar chósta na hÉireann, rud a rachaidh go mór chun tairbhe do na hearnálacha turasóireachta agus scannán.

“Tá stádas idirnáisiúnta á bhaint amach go sciobtha ag Éirinn mar láthair scannánaíochta. Tá sé tábhachtach anois go leanfaidh muid ar aghaidh ag tógáil ar an gcáil sin trí thacaíocht a thabhairt dár dtionscnamh dúchais agus Éire a chur chun cinn mar láthair léiriúcháin den chéad scoth.”

 

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service