26/06/20

Cead tugtha ag an Aire Stáit Kyne an próiseas tairisceana don tseirbhís fharantóireachta fóirdheonaithe go hOileán Faoide, Corcaigh a reáchtáil

Thug Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, an Seanadóir Seán Kyne, le fios inniu go bhfuil cead  tugtha aige tús a chur leis an bpróiseas tairisceana don tseirbhís fharantóireachta go hoileán Faoide i gCorcaigh. Mairfidh an conradh seo ar feadh 5 bhliana.

Dúirt an tAire Stáit Kyne: ‘Táim sásta a fhógairt inniu go bhfuil cead tugtha agam tús a chur leis an bpróiseas seo. Bainfidh muintir Oileán Fhaoide agus cuairteoirí chuig an oileán araon leas mór as an tseirbhís seo sa chúig bhliana amach romhainn’.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service