Ceapacháin chuig Bord Gailearaí Náisiúnta na hÉireann fógartha ag an Aire Madigan
Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, go bhfuil na daoine seo a leanas le ceapadh ar Bhord Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann:
John O’Doherty agus Dan Flinter
Is é John O'Doherty an Comhpháirtí Bainistíochta ar KOD Lyons Solicitors agus tá sé ina chomhalta de Choiste um Dhlí Coiriúil Dhlí-Chumann na hÉireann.
Is é Dan Flinter Cathaoirleach an Ghrúpa PM agus Ghrúpa The Irish Times agus bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Fhiontraíocht Éireann roimhe sin.
Cuireadh amach glao poiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus tugadh faoi phróiseas measúnaithe.
Maidir leis na ceapacháin, dúirt an tAire Madigan:
Tá áthas orm John O'Doherty agus Dan Flinter a cheapadh chuig Bord an Ghailearaí Náisiúnta. Táim cinnte go mbeidh sé ar a gcumas, mar gheall ar chomh ábalta is atá siad, de bharr an méid taithí atá acu agus de bharr an méid suime atá acu i saol na healaíne, cur go mór leis an nGailearaí. Guím gach rath ar an mbeirt acu le linn a dtéarma agus gabhaim buíochas leo faoi ghlacadh leis na róil thábhachtacha seo.