26/06/20

Tá sé fógartha ag Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu go bhfuil maoiniú €102,000 le cur ar fáil do dhá thaispeántas i nGailearaí Ealaíne Crawford don bhliain 2020 faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023

Beidh ról suntasach ag Gailearaí Ealaíne Crawford sa gcéad chéim eile de chlár comórtha Dheich mBliana na gCuimhneachán ina leagfar béim ar dhá thaispeántas coimeádta a fhéachfaidh le comhthéacs na tréimhse sin sa bhaile agus ar fud an domhain a fhiosrú.   Bíonn baint ag an nGailearaí, trí mheán na n-amharcealaíon, le dioscúrsa poiblí i rith na bliana maidir leis na coincheapa a bhaineann le náisiúntacht agus cothaíonn naisc thábhachtacha le healaíontóirí agus le hinstitiúidí.

Is iad an dá thaispeántas ná Citizen Nowhere / Citizen Somewhere a bhfuil Dawn Williams i mbun coimeádaíochta air agus Taispeántas Dara McGrath, ‘For Those, That Tell No Tales’.

Chuir Mary McCarthy, Stiúrthóir Ghailearaí Ealaíne Crawford fáilte roimh thacaíocht an Aire don dá thaispeántas seo a chuireann scéalta ón stair i gcomhthéacs geopholaitiúil agus geografaíochta níos leithne. Dúirt an Stiúrthóir "Táimid ag súil go mbeidh spéis mhór sna taispeántais agus le dul ag obair i gcomhar le heagraíochtaí eile mar Comhairle Chontae Chorcaí, Músaem Poiblí Chorcaí, Leabharlann Chathair Chorcaí agus UCC".

Dúirt an tAire Josepha Madigan: "Tá an-áthas orm an leithdháileadh suntasach maoinithe seo a dheimhniú inniu do Ghailearaí Crawford.  Ó tharla gur mé an tAire atá freagrach as clár Dheich mBliana na gCuimhneachán a threorú, tá mar ról agam tacú le deiseanna a spreagann daoine ó gach cineál traidisiún na dearcthaí éagsúla atá ann maidir lenár stair i gcoiteann a scrúdú i dtimpeallacht atá measúil.  Tá sé mar aidhm agam struchtúr a chur ar fáil trína mbeifear ábalta na himeachtaí a thit amach sa gCoimhlint le Saoirse a bhaint amach a chomóradh i bpobail ar bhealach tomhaiste agus neamh-chlaonpháirteach agus a chuireann comóradh ómósach chomh maith le hathmhuintearas chun cinn."

Tá scóip leathan i gceist le clár na gcuimhneachán sa bhliain 2020, agus is clár é a thugann aitheantas don ghníomhaíocht mhíleata a bhain leis an gCoimhlint le Saoirse a bhaint amach, chomh maith leis an iomaí gné eile atá fite fuaite leis an gcoimhlint, lena n-áirítear gnéithe polaitiúla, sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta.  Leagtar béim sa chlár ar na nithe móra a baineadh amach sa tréimhse sin ar mhaithe leis an daonlathas nuair a cuireadh parlaimint nua agus struchtúir riaracháin nua an Stáit i bhfeidhm.

Citizen Nowhere / Citizen Somewhere

23 Meán Fómhair 2020 - 31 Eanáir 2021

Beidh sé céad bliain ó bhásaigh Terence MacSwiney (1879-1920), an 25 Meán Fómhair 2020, Ardmhéara Chorcaí, drámadóir agus polaiteoir. Gabhadh é faoi go raibh rúnscríbhinn póilíní ina sheilbh aige, tharraing stailc ocrais MacSwiney, a mhair ceithre lá is seachtú, aird na meán idirnáisiúnta mar aon le cláir oibre polaitíochta na linne.  Dírítear i Citizen Nowhere / Citizen Somewhere ar an méid a thit amach mar gheall ar an stailc ocrais agus bás MacSwiney, mar aon leis an smaointeoireacht faoin gcineál stáit a d’fhéadfadh a bheith againn mar a phlé MacSwiney é ina chuid aistí féin Principles of Freedom.

Dara McGrath: For Those, That Tell No Tales

Bhásaigh nach mór 1,400 duine idir 1919 agus 1921 sa choimhlint le saoirse agus neamhspleáchas a bhaint amach d’Éirinn -  baill d’Fhórsaí na Breataine, Óglaigh na hÉireann agus saoránaigh ina measc. Is i gCathair agus i gContae Chorcaí a thit an troid ba dheirge amach, maraíodh 528 duine ar fad mar thoradh díreach ar an gcoimhlint. Seachas na leachtanna cuimhneacháin a aithnítear in ómós do na hÓglaigh agus na príomh-shainchomharthaí suntasacha tá go leor láithreacha eile ann ar ar bhásaigh fir, mná, leanaí agus baill d'Fhórsaí na Breataine agus nach dtugtar aitheantas dóibh ná nach ndéantar iad a chomóradh ar aon bhealach.

Tríd an bhfócas grianghrafadóireachta atá tugtha ag Dara McGrath ar na láithreacha seo, nach dtugtar mórán suntais dóibh nó nach bhfuil marcáilte, déantar iad a chur i láthair ar bhealach tráthúil agus míshuaimhneach agus féachann le háit a thabhairt arís i stair na tíre do na daoine sin mar aon le léirmhíniú a thabhairt ar an tréimhse chorrach seo le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Treisíonn fógra an Aire Madigan inniu gealltanas a thug an Rialtas ag tús na bliana i ndáil le mórchlár comórtha i gcuimhne ar na himeachtaí móra a thit amach i gCathair Chorcaí agus ar fud an chontae in 1920.

Is i gCorcaigh is mó a reáchtálfar clár Cuimhneacháin an Stáit i rith na bliana 2020. Déanfar na himeachtaí is mó a thug athruithe chun cinn agus a tharla 100 bliain ó shin a chomóradh i rith na bliana; bás bheirt de chéad saoránaigh chathair Chorcaí  - Tomás Mac Curtáin (Márta) agus Terence MacSwiney (Deireadh Fómhair); Luíochán Chill Mhichíl (Mí na Samhna) agus loscadh Chathair Chorcaí (Mí na Nollag).

Mar aon le gach comóradh náisiúnta eile, tá an clár á sheachadadh i gcomhar leis an Rialtas faoi stiúir Roinn an Taoisigh agus na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, na n-údarás áitiúil, Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Chontae Chorcaí sa chás seo. Cuirfidh Óglaigh na hÉireann, An Garda Síochána, Oifig na nOibreacha Poiblí agus eagraíochtaí seirbhíse poiblí eile go mór leis an gcomóradh. Tá béim agus tábhacht as an nua ag baint leis an gcomhordú agus an gcomhoibriú pleanáilte atá idir an dá chomhlacht seo i gcomhthéacs na géarchéime sláinte poiblí Covid-19 atá fós linn agus a bhfuiltear ag dul i ngleic leis fad is atá imeachtaí cuimhneacháin faoin gclár á bhforbairt.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service