15/03/19

Fógraíonn an tAire Madigan Gradam nua Seamus Heaney, mar aitheantas ar éacht sármhaith ar son chaidrimh litríochta idir Éirinn agus an tSeapáin

Tá gradam nua liteartha fógartha ag Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá an gradam seo cruthaithe ag an Dochtúir Andrew Fitzsimons, Ceannaire an Chumainn Idirnáisiúnta um Staidéar ar Litríocht na hÉireann sa tSeapáin (IASIL).

Aithníonn an gradam, atá ainmnithe in onóir don fhile a bhfuil an duais Nobel buaite aige, ar shlí oifigiúil, an caidreamh atá idir Éirinn agus an tSeapáin, caidreamh atá tábhachtach, leanúnach agus ina bhfuil gean agus meas ar gach taobh.

Ómós cuí atá ann chomh maith don scríbhneoir nach maireann a thug cuairt ar an tSeapáin go minic agus a bhfuil a shaothar agus a chuid cuairteanna ina n-inspioráid do chuid mhór den obair a thabharfaidh an gradam aitheantas di.

Beidh an gradam á riar dhá uair sa bhliain faoi réir Ambasáid na hÉireann, Tokyo, agus bronnfar an gradam ar son shaothar liteartha atá thar barr, saothar sármhaith/saothar aistriúcháin agus/ nó saothar léinn.

Ag fógairt an ghradaim di ag ócáid speisialta do Lá Fhéile Pádraig i dTokyo, dúirt an tAire: “ Mar Aire Cultúir ar Éirinn, táim ar an eolas faoi na caidrimh chultúrtha a thugann ár dtíortha níos dlúithe le chéile. Táim buíoch agus sásta faoin tsuim láidir atá sa tír seo i ngnéithe éagsúla d’ealaíon, de chultúr agus de dhearadh de chuid na hÉireann. Cabhróidh seo lenár gcaidreamh speisialta cultúrtha”.

Iarrfar ainmniúcháin ó chumainn agus ó institiúidí liteartha agus léinn ábhartha sa tSeapáin agus in Éirinn (féach an liosta thíos). Déanfaidh painéal de bhreithimh láncháilithe a roghnófar as na heagraíochtaí seo, na hainmniúcháin a mheas.

Beidh an gradam ar son éacht thar barr an fhaighteora maidir le malartú liteartha idir Éirinn agus an tSeapáin, ar pháipéar traidisiúnta lámhdhéanta Seapánach, ar a bhfuil dearadh de chuid ealaíontóir na hÉireann a bhfuil mórchaidreamh aige leis an tSeapáin.

Liosta na gComhlachtaí ainmniúchán:

  • IASIL an tSeapáin ( An Cumann Idirnáisiúnta um Staidéar ar Litríocht na hÉireann sa tSeapáin (IASIL)
  • An Chuideachta Seapánach-Éireannach
  • Cuideachta James Joyce sa tSeapáin
  • Cuideachta W.B. Yeats sa tSeapáin
  • Cuideachta Oscar Wilde Society sa tSeapáin
  • Cuideachta Samuel Beckett sa tSeapáin
  • Cuideachta Cuimhneacháin Lafcadio Hearn
  • Institiúid Waseda don Léann Éireannach
  • Ambasáid na hÉireann, Tokyo
  • Ambasáid na Seapáine, Baile Átha Cliath
  • Lárionad um Staidéar Áise, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Scoil na dTeangacha Nua-aoiseacha agus na dTeangeolaíochta Fheidhmeach, Ollscoil Luimnigh
  • An Rannóg Seapánach
  • Scoil na dTeangacha Fheidhmeacha agus an Staidéir Ilchultúrtha, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dublin, An Rannóg Seapánach

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service