21/07/19

Fógartha ag an Aire Madigan gur i mí na Samhna seo chugainn i Phoenix, Arizona a reáchtalfar Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2019.

Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Josepha Madigan T.D., gur i Phoenix, Arizona Dé Domhnaigh an 3 Samhain a bheidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2019.

Maidir leis na socruithe a dheimhniú do Chuimhneachán idirnáisiúnta na bliana seo, dúirt an tAire Madigan:

'Mar Chathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, táim ag súil le Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtálfar i Phoenix Arizona.  Is í seo an cúigiú huair don chuimhneachán seo a bheith sna Stáit Aontaithe agus tá Phoenix ar an láthair is faide siar go dtí seo. Roimhe seo, reáchtáladh Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i Nua Eabhrac, Bostún, New Orleans agus Filideilfia.

Tá mé thar a bheith sásta gur i Phoenix a bheidh an Cuimhneachán ar siúl i mbliana, mar gur comóradh 20 bliain é 2019 ó tíolacadh Cuimhneachán an Ghorta Mhóir a choimisiúnaigh Ionad Cultúir na hÉireann. 

Deis a bheidh i gcuimhneachán na bliana seo chun aitheantas a thabhairt ní hamháin don obair atá curtha i gcrích ag Ionad Cultúir na hÉireann agus Leabharlann McClelland i Phoenix féin ach chun comóradh a dhéanamh ar na daoine a d'fhág Éire le linn an Ghorta Mhóir, agus a chuaigh ar imirce sna blianta ina dhiaidh sin, agus ar ról leanúnach dhiaspóra na hÉireann agus Ghael-Mheiriceánaigh in Arizona agus ar fud Iarthar na Stát Aontaithe.”

Seo í an cúigiú huair a mbeidh an cuimhneachán náisiúnta ar bun sna Stáit Aontaithe. Tá deich gCuimhneachán Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór reáchtáilte go dtí seo. Ó bhí an chéad chuimhneachán idirnáisiúnta ann i Toronto agus Quebec in 2009, reáchtáladh imeachtaí san Astráil, i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service