15/01/18

Freastalaíonn an tAire Madigan ar Perspectives: Ceiliúradh Bhreithlá 60 Bliain Shane MacGowan

Freastalóidh Josepha Madigan, T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta um thráthnóna (Dé Luain, an 15 Eanáir 2018) ar an gceolchoirm speisialta seo a dhéanann ceiliúradh ar Bhreithlá 60 Bliain Shane MacGowan.

Rinne Shane agus an Ceoláras Náisiúnta an t-imeacht a choimeád agus a chur le chéile agus tiocfaidh ealaíontóirí le cheile sa cheolchoirm seo ar imir cumhacht agus filíocht a chuid amhrán tionchar orthu, mar aon leis an méid a chuir sé féin le ceol na hÉireann, chun a cheol a cheiliúradh agus a sheinm.  Beidh John Kelly mar fhear an tí don imeacht.

Dúirt an tAire Madigan, “Tá gliondar croí orm go mbeidh an deis agam freastal ar an imeacht uathúil cultúrtha seo chun onóir a léiriú do shaol Shane agus do shaothar a shaoil.  Leanann an-tóir a bheith air ar fud na cruinne i ndomhan atá ag dul faoi athrú.  Léiríonn teacht le chéile na n-ealaíontóirí iontacha seo neart agus cáilíocht bhuan a chuid scríbhneoireachta.”

Comhlacht is ea an Ceoláras Náisiúnta faoi choimirce na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service