08/01/18

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Madigan le buaiteoirí na hÉireann ag na Golden Globes

Tá comhghairdeas ó chroí déanta maidin inniu (Dé Luain, an 8 Eanáir 2018) ag Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis an mbuaiteoir Éireannach, Saoirse Ronan agus le buaiteoir Londan-na hÉireann, Martin McDonagh, as Gradaim Golden Globe a bhuachan i Los Angeles.

Oíche mhór a bhí ann do mhuintir na hÉireann ag na Golden Globes in Beverly Hills, le réalt Lady Bird, Saoirse Ronan, agus cumadóir is stiúrthóir Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, Martin McDonagh i measc na mbuaiteoirí.

Bhuaigh Saoirse Ronan an gradam as an Aisteoir Mná is Fearr i scannán ceoil nó scannán grinn as a príomhról in Lady Bird, agus ba é seo an tríú uair a ainmníodh í do na gradaim seo. Ainmníodh Lady Bird mar an Scannán is Fearr - Scannán Ceoil nó Grinn ag an ócáid freisin.

Bhí scannán Martin McDonagh, Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, ainmnithe i sé chatagóir agus bronnadh ceithre dhuais air, ina measc an gradam don Scannán is Fearr - Dráma, agus ba é an buaiteoir is mó ar an oíche é.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan: “Is daoine an-charasmatacha iad Saoirse Ronan agus Martin McDonagh agus léiríonn na gradaim Golden Globe a bronnadh orthu - duaiseanna idirnáisiúnta an-suntasacha - an bua ollmhór atá acu agus a n-ilchumas mar ealaíontóirí. Ba mhaith liom gach dea-ghuí a chur chuig an mbeirt acu as an méid atá bainte amach acu agus tá mé cinnte go gcuirfidh tionscal scannánaíochta na hÉireann fáilte mhór roimh a ngnóthachtálacha pearsanta.”

Rinne an tAire comhghairdeas freisin leis an gcomhlacht beochana Éireannach, Cartoon Saloon, as a n-ainmniúchán do “The Breadwinner” sa chatagóir don Scannán Beochana is Fearr.

CRÍOCH

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service