12/01/18

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Madigan le Liam Neeson ar Ghradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin a fháil

Chuir Josepha Madigan, T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, a comhghairdeas in iúl maidin inniu (Dé hAoine, an 12 Eanáir 2018) don aisteoir ón mBaile Mheánaigh ar Ghradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear a fháil. Tarraingíonn an dámhachtain seo aird ar Éireannaigh atá ina gcónaí thar lear ar fud raon réimsí, ó spórt go heolaíocht, carthanacht nó tacaíocht phobail.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan: “Is aisteoir fíorchumasach scannán é Liam Neeson a bhfuil clú agus cáil air ar fud an domhain agus is duine é nár lig a fhréamha Éireannacha i ndearmad riamh. Chabhraigh sé aird a mhúscailt ar Éirinn, ar scannánaíocht na hÉireann agus ar ealaíontóirí Éireannacha ar fud an domhain, go háirithe sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil curtha faoi aige féin. Tá a ghradam tuillte go mór aige.”

Le blianta beaga anuas tá tacaíocht láidir tugtha ag Liam Neeson do thionscadail chultúrtha Éireannacha, lena n-áirítear cuimhneacháin 2016 agus an ról lárnach a bhí aige i gclár faisnéise Ollscoil Notre Dame ar Éirí Amach 1916, clár a raibh an-tóir air. Thug sé tacaíocht phearsanta freisin do raon tionscnamh leis an turasóireacht a chur chun cinn in Éirinn.

 CRÍOCH

 

 

 

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service