14/08/15

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Ó Ríordáin le hEalaíontóirí Éireannacha as an Rath atá bainte amach acu ag Féile Fringe Dhún Éideann 2015

Chuir Aodhán Ó Ríordáin, TD, Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a chomhghairdeas in iúl inniu (an 14 Lúnasa 2015) do na healaíontóirí Éireannacha as na gradaim atá buaite acu ag Féile Fringe Dhún Éideann.

Níos luaithe inniu, bronnadh gradam Fringe First ar léiriúchán Fishamble de Underneath le Pat Kinevane, agus Dé Máirt, an 11 Lúnasa, bhuaigh Aoife Duffin an Stage Award for Acting Excellence dá taibhiú i léiriúchán The Corn Exchange de A Girl is a Half-Formed Thing.

Dúirt an tAire Ó Ríordáin:

"Is comhartha ómóis iontach é do neart agus samhlaíocht ár n-ealaíontóirí go bhfuil rath nach beag ar chultúr na hÉireann arís i gcomhthéacs domhanda. Tá a fhios agam go mbíonn iomaíocht ghéar ann ag Féilte Dhún Éideann agus is toradh den scoth é do na taibheoirí seo agus dá seónna. Tá a fhios agam freisin go nginfidh sé tuilleadh deiseanna dóibh agus tá mé ag súil go mór le comhghairdeas a dhéanamh leo go pearsanta nuair a théim go Dún Éideann níos faide anonn sa mhí."

Beidh an tAire Ó Ríordáin ag taisteal go Dún Éideann d'ócáid líonraithe Chultúr Éireann (an 24 Lúnasa) do thionscnóirí agus láithreoirí, áit a mbuailfidh siad le healaíontóirí agus compántais atá ag cur a gcuid saothar ar an stáitse i nDún Éideann. Meallann an deis líonraithe seo grúpa láidir tionscnóirí/ceannaitheoirí as gach cearn den domhan agus tá sé ríthábhachtach ó thaobh gairmeacha a chur chun cinn agus poist a ghineadh d'ealaíontóirí Éireannacha.

Tá ardmholadh bainte amach cheana ag an dá sheó in Éirinn agus tá tairiscintí faighte acu chun dul ar camchuairt idirnáisiúnta sna míonna agus blianta amach anseo.

Trína chlár Showcase, tá Cultúr Éireann ag tacú le healaíontóirí na hÉireann i nDún Éideann ó bhí 2008 ann in ionaid ar fud na cathrach. Cuireann ealaíontóirí Éireannacha blúire ar fáil don lucht féachana den obair nua ilchineálach spreagúil atá á cruthú in Éirinn. Tarraingíonn an clár Showcase lucht féachana as cuimse go leanúnach le linn shéasúr na Féile. I measc na ngradam a fuarthas in 2014 bhí gradaim Fringe First do léiriúchán Dead Centre, Lippy, agus do léiriú Ghúna Nua de Pondling, chomh maith le Stage Award do Olwen Fouéré i riverrun agus Bryan Burroughs in Beowolf.

 

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service