Fáilte á cur ag an Aire Stáit do Chomhionannas, Aodhán Ó Ríordáin, agus Ambasadóir Phoblacht na Polainne Sarkowicz, roimh rannpháirtíocht in ‘PolskaÉire 2016’, an fhéile náisiúnta Pholannach-Éireannach
Tá cuireadh tugtha ag an Aire do Phobail Nua, Cultúr, Comhionannas agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Aodhán Ó Ríordáin T.D. agus Ambadaóir Phoblacht na Polainne i mBaile Átha Cliath, an tUasal Ryszard Sarkowicz, d’eagraíochtaí páirt a ghlacadh sa dara fhéile náisiúnta Pholannach-Éireannach, PolskaÉire 2016.
Reáchtáladh an chéad fhéile Pholannach-Éireannach, PolskaÉire 2015, i mí an Mhárta 2015 ag an am céanna leis an gcluiche cáilithe UEFA idir Phoblacht na hÉireann agus an Pholainn, a imríodh i mBaile Átha Cliath.
Ag labhairt dó tar éis cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí páirt a ghlacadh i bhféile na bliana seo chugainn, dúirt an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin an méid seo:
“Tá lúcháir orm go raibh mé in ann an tionscadal seo a stiúradh i gcomhar le hAmbasáid na Polainne, an FAI agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath anuraidh. Is é atá mar bhunús ag an fhéile seo an éagsúlacht a thugann muintir na Polainne go hÉirinn a cheiliúradh. Tá 150,000 Polannach ina gcónaí anseo anois, rud a fhágann gurb í an Pholainnis an dara teanga is mó a labhraítear ar oileán na hÉireann. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go n-aithníonn muid an ról speisialta atá ag pobal na Polainne anseo in Éirinn agus is chuige sin atá an fhéile seo. D’éirigh thar cionn leis an gcéad fhéile PolskaÉire a bhí ar siúl i mí an Mhárta i mbliana, ina ndearnadh os cionn 200 imeacht a reáchtáil ar fud na tíre. Ba iontach an rud é an spéis a bhí ag daoine ó cheann ceann na tíre san fhéile a fheiceáil. Tá an seans againn cur leis an leibhéal sin spéise i bhféile na bliana seo chugainn. Tugaim cuireadh do chách páirt a ghlacadh in PolskaÉire 2016.”
Chuir an tUasal Ryszard Sarkowicz, Ambasadóir Phoblacht na Polainne i mBaile Átha Cliath, le caint an Aire Stáit:
“Bhí mise díreach tagtha go hÉirinn mar Ambasadóir nua nuair a rinneadh an chéad fhéile PolskaÉire a reáchtáil. Caithfidh mé a rá go ndeachaigh scála an tionscnaimh, líon na nÉireannach agus na bPolannach a bhí páirteach ann agus an díocas i gcoitinne i gcion orm agus gur chuir sé iontas orm agus gabhaim buíochas mhór arís le gach duine a bhí bainteach leis. Is iomaí ceangal a bhí idir Éire agus an Pholainn san am a chuaigh thart. Chuaigh sé i gcion go mór orm féin nuair a chuala mé faoin taiscéalaí Polannach, Edmund Strzelecki, agus an méid a rinne sé linn an Ghorta Mhóir. Tugadh aitheantas air sin le leacht chuimhneacháin a dhéanann Strzelecki a chomóradh i gceartlár Bhaile Átha Cliath. Mar sin de, feicim go bhfuil sé de chumas ag an bhFéile bheith ina ceiliúradh bliantúil ar chaidreamh déthaobhach na hÉireann agus na Polainne agus ar imeascadh muintir na Polainne in Éirinn, agus ina ardán chun a léir de na réimsí atá i gcoitinne againn a chur ar taispeáint, i.e. fiontraíocht, cultúr, spóirt, eolaíocht agus go leor eile. Tá neart le moladh sa dá náisiún. Mar sin, tagaimis le chéile arís i mí na Bealtaine seo chugainn chun PolskaÉire 2016 a cheiliúradh le chéile”.
CRÍOCH