01/09/17

Plean cuimsitheach teanga do Chathair Chorcaí á bheartú ag Aire Stáit na Gaeltachta

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., inniu (1 Meán Fómhair) 2017, go bhfuil sé beartaithe plean teanga cuimsitheach a ullmhú agus a fheidhmiú do Chathair Chorcaí.

Dúirt an tAire Stáit: “leis an bhfógra seo, cuirfear tús leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta i gcathair Chorcaí. Go luath, beidh eagraíocht á roghnú ag Foras na Gaeilge chun ceannasaíocht a ghlacadh ar ullmhú agus ar fheidhmiú plean teanga don chathair. Is é seo an ceathrú fógra atá foilsithe faoin bpróiseas mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta.”

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé ag súil go mbeidh na páirtithe leasmhara ar fad atá in ann tionchar a imirt ann sásta páirt ghníomhach a imirt chun staid na Gaeilge sa chathair a threisiú tuilleadh – rud a bheidh chun leasa na Gaeilge agus na cathrach araon.

Nóta don eagarthóir

Tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú i samhradh 2014, roghnaíodh liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta, ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte faoi leith:

Contae Baile
Dún na nGall Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall
Maigh Eo Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh
Gaillimh Cathair na Gaillimhe agus An Clochán
Ciarraí Daingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín
Corcaigh Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha
Port Láirge Dún Garbhán
An Mhí Baile Átha Buí agus An Uaimh

Go dtí seo, foilsíodh fógra faoin Acht i leith Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall agus Cathair na Gaillimhe – rud a chuir tús leis an bpróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na bailte seo.

Faoin bpróiseas, tabharfar tréimhse suas le mí, go dtí 29 Meán Fómhair 2017 sa chás seo, d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh, sa chás seo chuig Foras na Gaeilge, le bheith roghnaithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú don chathair.

Uair amháin go gceaptar eagraíocht faoin bpróiseas go ginearálta, beidh suas le dhá bhliain acu chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne agus tréimhse seacht mbliana ag an eagraíocht ansin chun an plean teanga aontaithe a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge - dé réir mar a oireann. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm pleananna le linn na seacht mbliana sin.

Beidh Foras na Gaeilge ag baint úsáid as allúntas de €115,000 a ceadaíodh dóibh chun an próiseas a bhrú chun cinn i mbliana i gCathair na Gaillimhe, i gCathair Chorcaí, i Leitir Ceanainn, i dTrá Lí agus i nDún Garbhán. Bainfear leas as an gciste seo chomh maith chun ullmhúchán pleananna i leith na Líonraí Gaeilge: Cluain Dolcáin; Inis, Co. an Chláir agus Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe, a bhrú chun cinn.

Bainfidh Údarás na Gaeltachta úsáid mar is gá as an allúntas, ar fiú €735,000 é, chun an próiseas mar a bhaineann sé le hullmhú pleananna teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta: Daingean Uí Chúis, Béal an Mhuirthead agus An Clochán Liath, a bhrú chun cinn sa bhliain reatha.

In 2009, d’fhoilsigh an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge saothar taighde dar teideal Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe. Léiríodh sa taighde sin gur fiú breis agus €136 milliún an Ghaeilge do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe gach bliain, agus téann thart ar €59 milliún de seo go Cathair na Gaillimhe. Léiríonn an taighde seo gur féidir leis an nGaeilge a bheith mar bhuntáiste suntasach geilleagrach i gcathair gar don Ghaeltacht.

http://www.gleg.ie/taighde/

Críoch

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service