Ráiteas ó Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin maidir le pleananna chun bád farantóireachta tógtha le sainchuspóir a sholáthar do Thoraigh agus chun Cé Mhachaire Rabhartaigh a shíneadh
Tá sé fógartha ag Aire na nOILEÁN, Joe McHugh, go bhfuil a oifigigh le pleananna a fhorbairt chun bád farantóireachta tógtha le sainchuspóir a sholáthar do Thoraigh agus chun Cé Mhachaire Rabhartaigh a shíneadh le spás a chur ar fáil do shoitheach úr.
Labhair an tAire Stáit faoi na pleananna i ndiaidh cruinniú le toscaireacht as Oileán Thoraí inniu.
Dúirt an tAire McHugh: “Mar Aire na nOileán, tá sé fíorthábhachtach dom go mbeidh teacht ag muintir Thoraí ar an tír mhór ó cheann ceann na bliana. D’éist mé go cúramach leis na ceisteanna a ardaíodh inniu agus tá iarrtha agam anois ar mo chuid oifigigh pleananna a fhorbairt do bhád úr agus le bail a chur ar an ché. Beifear ag oibriú ar na pleananna sin sa tréimhse amach romhainn agus ag súil leis an plean a chur i bhfeidhm sa mheántéarma. Ba mhaith liom muintir Thoraí a chur ar a suaimhneas gur ar mhaithe leosan a bheidh mé ar feadh an phróisis uilig.”