16/12/19

An tAire Stáit Kyne i láthair inniu ag Aerfort Chonamara ag ócáid ag marcáil cheannach an aerfoirt ar son an Stáit

Bhí Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, i láthair ag ócáid ag Aerfort Chonamara inniu ag marcáil cheannach an aerfoirt ar son an Stáit.

Dúirt an tAire Stáit Kyne inniu:

“Bhí áthas orm a bheith i láthair ag Aerfort Chonamara inniu ag an ócáid ag marcáil cheannach an aerfoirt ar son an Stáit. Léirítear sa bheart seo tiomantas an Stáit agus mo Roinn fhéin ach go háirithe d’fhorbairt phobail inmharthana ar na hOileán Árann. Agus an acmhainn straitéiseach seo i seilbh an Stáit, ar ndóigh, tabharfar cinnteacht níos mó faoi thodhchaí na seirbhísí aeir go hÁrainn, rud atá á éileamh ag pobal Árann le fada an lá.”

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service