25/11/16

Deontas de €36,496 á fhógairt ag an Aire Stáit Kyne do Chomhairle na Mumhan Chumann Lúthchleas Gael

D’fhógair Seán Kyne T.D., Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil allúntas de €36,496 ceadaithe aige do Comhairle na Mumhan Chumann Lúthchleas Gael. Cuireann an Chomhairle teagascóirí i scileanna peile agus iománaíochta ar fáil i scoileanna Gaeltachta na Mumhan. Clúdaíonn an deontas 66.66% de chostas na scéime agus déanfar an teagasc trí mheán na Gaeilge. Cuirfidh an deontas ar chumas Chumann Lúthchleas Gael an scéim a reáchtáil i scoileanna Gaeltachta na Mumhan – i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge - go dtí deireadh na scoilbhliana 2016/17.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Chomhairle na Mumhan. “Tá obair mhaith ar bun ag Comhairle na Mumhan faoin scéim seo le tamall de bhlianta ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil sna scoileanna Gaeltachta” a dúirt an tAire Stáit.

 

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service