25/07/18

Os cionn €9,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh chun suirbhéanna a dhéanamh maidir le forbairt Ché Inis Oírr

Tá curtha in iúl ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, TD, inniu go bhfuil deontas de €9,409 ceadaithe aige do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun suirbhé topagrafach agus suirbhé fóntais a dhéanamh i ndáil le forbairt Ché Inis Oírr.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh áthas air fógra mar seo a dhéanamh. “Táim sásta gur céim thábhachtach eile é seo maidir le forbairt na cé don oileán,” a dúirt an tAire Stáit.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service