27/11/17

Deontas €16,170 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do CLG Thuar Mhic Éadaigh, Co Mhaigh Eo

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, go  bhfuil deontas suas le €16,170 ceadaithe aige do CLG Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, chun cuidiú leo giomnáisiam a fhorbairt in Ionad Spóirt an cheantair.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Tabharfaidh an áis iontach atá beartaithe acu deiseanna do cuid mór daoine páirt a ghlacadh sa spórt in atmaisféar beoga sláintiúil agus an Ghaeilge mar theanga chaidrimh acu.”

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service