20/08/15

€53,363 ceadaithe don Chrann Óg i nGaoth Dobhair ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €53,363 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair i dtreo na costais reatha a bhaineann leis an ngrúpa ceoil "An Crann Óg" atá faoi stiúir an eagrais agus a thacaíonn le chur chun cinn an cheoil, an rince agus na hamhránaíochta.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil:

“Tá cáil bainte amach ag an Chrann Óg le feabhas a gcuid ceoil le blianta beaga anuas agus fosta i gcur chun cinn an cheoil dhúchasaigh. Tá muid go mór faoi chomaoin acu féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu. Cuideoidh an deontas seo leo leanúint leis an sárobair sin.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service