14/11/17

Minister of State McHugh sanctions grant of €11,111 for Buíon Cheoil Shinsear Choich Cheann Fhaola, Co Donegal, to purchase instruments

Deontas €11,111  ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Bhuíon Cheoil Shinsear Chloich Cheann Fhaola, Co. Dhún na nGall, chun uirlisí a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu, go  bhfuil deontas suas le €11,111 ceadaithe aige do Bhuíon Cheoil Shinsear Chloich Cheann Fhaola chun cuidiú leo uirlisí ceoil a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit, “Tá an-áthas orm cuidiú a thabhairt don Bhuíon Cheoil Shinsear seo agus béim faoi leith á cur acu ar theanga, ar cheol agus ar thraidisiún na Gaeilge.”

Is faoin réimse gnímh an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

Críoch.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service