07/09/17

Deontas €2,766  ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Cultúir, Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo i leith ríomhairí  

 

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go  bhfuil deontas €2,766 ceadaithe aige do Choiste Cultúir, Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo chun cuidiú leo  ríomhairí a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Tá obair den scoth ar siúl ag an choiste gníomhach seo ar son na Gaeilge. Beidh coistí agus clubanna áitiúla chomh maith le cuairteoirí ábalta tairbhe a bhaint as na ríomhairí seo.”

Is faoi réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service