06/09/17

Deontas €970 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Halla Paróiste Chill Charthaigh

D’fhógair Joe McHugh T.D.,  Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu go  bhfuil deontas €970 ceadaithe aige do Choiste Halla Paróiste Chill Charthaigh chun cuidiú leo oibreacha beaga a dhéanamh ag an halla.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil chun cabhrú le coiste an halla lena bhfuil idir lámha acu ar son na Gaeilge agus an phobail áitiúil.

Is faoin réimse gnímh, An Ghaeltacht, de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service