An chéad fhód casta ag an Aire Stáit McHugh inniu le haghaidh ionad pobail nua ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall
Chas Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh an chéad fhód ar shuíomh ionad pobail nua ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall inniu. D’fhógair an tAire Stáit McHugh i mí Lúnasa go raibh deontas suas le €466,000 ceadaithe aige do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh, chun cuidiú leo an t-ionad pobail nua a thógáil.
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Stáit:
"Tá lúcháir orm an chéad fhód a chasadh don ionad seo, a chuirfidh go mór le háiseanna an cheantair agus a bheidh mar chúltaca tábhachtach do riachtanais forbartha an phobail, go háirithe i gcomhthéacs feidhmiú an phróisis pleanála teanga.
Tuigim go bhfuil an coiste áitiúil ag plé le forbairt an ionaid seo le fada, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh as an obair mhór atá déanta acu le blianta anuas. Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, tá mé ag iarraidh tacú le pobal na Gaeltachta an teanga a shlánú agus a chur chun cinn. Agus muid ag forbairt áiseanna pobail den chineál seo ar an Fhál Carrach, tá muid ag tacú ar bhealach iontach praiticiúil leis na hiarrachtaí seo.”
Is faoin réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.
Críoch